Ag tacú le daltaí a bhfuil uathachas orthu sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, 19 Aibreán 2021
Ag tacú le daltaí a bhfuil uathachas orthu sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, 19 Aibreán 2021
@ Gaeloideachas
Téama: Conas tacú le daltaí a bhfuil uathachas orthu sa chóras lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta
Dírithe ar: Tuismitheoirí agus cúramóirí. Is seisiún i mBéarla den chuid is mó a bheidh i gceist leis an gceann áirithe seo
Am agus áit: 19 Aibreán 2021, 19.00
Cláraigh anseo: Seimineáir ar líne | Gaeloideachas
Tá an seisiún seo dírithe go sonrach ar thuismitheoirí agus chúramóirí ach tá fíorfháilte roimh mhúinteoirí, phríomhoidí, thaigheoirí agus éinne eile a bhfuil suim acu sa réimse seo. Roinnfidh painéal saineolaithe (múinteoirí, príomhoidí agus tuismitheoir) a gcuid saineolais, chomhairle phraiticiúil agus taithí maidir leis an mbealach is éifeachtaí tacú le scoláirí a bhfuil uathachas orthu sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Roinnfear eolas sa seimineár maidir le straitéisí a thacóidh le dul chun cinn páistí a bhfuil uathachas orthu agus na buntáistí féideartha a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge dóibh. An bhfuil ceisteanna agat maidir leis an uathachas i gcoitinne nó oiriúnacht an chórais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta do pháistí a bhfuil uathachas orthu? Ar mhaith leat breis a fhoghlaim faoi eispéiris tuismitheoirí eile nó tuiscint a bheith agat ar straitéisí chun cabhrú le do pháiste sa bhaile? Bí linn!
Aoichainteoirí: Painéal (Brenda Ní Mhaoilchiaráin, Carmel Nic Airt, Celine Uí Rónáin (tuimsitheoir), agus Máire Ní Chróinín, Gaelscoil Mhíchíl Uí Choileáin (breis eolais faoi na cainteoirí le teacht)
Cláraigh agus seolfar nasc chugat ar lá an tseimineáir. Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndúnfar an fhoirm ag 12.00 ar an lá.