An Ghaeilge sa Dlí
An Ghaeilge sa Dlí
@ Coiste Cheantair Átha Cliath Conradh na Gaeilge
Ar líne Léacht nó CaintIs mór le Coiste Cheantair Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge fógairt go mbeidh iar-Uachtarán an Chonartha, an t-Abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh ag tabhairt léacht ar Zoom dár teideal "An Ghaeilge sa Dlí" ar an 13ú Aibreán ag 7 a chlog.
Tá leabhar (nuafhoilsithe ag Leabhar Breac) le Dáithí, "An Ghaeilge sa Dlí", ina ndéantar cur síos cuimsitheach ar an teanga i dtaobh cúrsaí dlí, go stairiúil agus cúrsaí san am i láthair. Sa léacht seo tabharfaidh an tUasal Mac Cárthaigh tuilleadh léargas dúinn ar stádas na Gaeilge i leith na cúirteanna agus reachtaíocht agus pléifear cad atá i ndán don teanga go dleathúil amach anseo.
Bígí linn oíche Mháirt, an 13ú Aibreán ag 7i.n. don léacht Zoom sainiúil saor in aisce seo. Beidh deis ceisteanna agus plé i ndiaidh na léachta. Fáilte roimh craobhacha agus baill Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus níos faide i gcéin, agus do mhórphobal na Gaeilge i gcoitinne.