Buile Shuibhne (IMRAM)
Buile Shuibhne (IMRAM)
@ Áras Mhic Reachtain
Siamsaíocht Agus EalaínBí linn ag an ócáid ilmheán, ilteangach seo, ina gcuirtear i láthair téacs iontach ón Meánaois Buile Shuibhne, ina suíonn prós agus filíocht le chéile.
Cuireann Rónán, cléireach, mallacht ar rí Ultach, Suibhne, agus téann an rí bocht le craobhacha. Is éan nó leathéan é dar leis agus canann sé duanta buile faoina chuid trioblóidí go léir nó é ag moladh an dúlra gan staonadh. Sa léiriú drámata seo tá leaganacha nua i nGaeilge agus i nGàidhlig ó Rody Gorman, chomh maith le ceol beo leis an chumadóir Seán MacErlaine agus an t-amhránai Diane Ní Chanainn, agus teilgfidh Margaret Lonergan íomhánna ar scáileán mór.
Eagraí
daithi@mhicreachtain.com8:15 pm Dé hAoine 26 Aibreán, Áras Mhic Reachtain,283-289 Bóthar Aontroma, Béal Feirste
Ticéid/tickets: £12.50