Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge 2022
Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge 2022
@ Áras na Gaeilge, OÉ Gaillimh
Léacht nó CaintDéanfar comóradh ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge ar oidhreacht na Comhdhála féin atá 30 bliain ar an bhfód agus ar oidhreacht na hirise Comhar atá 80 bliain ar an bhfód. Cothaíonn agus saibhríonn an Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge agus an iris Comhar an saothrú ar na healaíona agus ar an léann trí mheán na Gaeilge. Chuige sin, díreofar ar thrí mhórthéama ag Comhdháil na bliana seo: (i) An Litríocht; (ii) An Chritic agus (iii) Cúrsaí iriseoireachta agus cúrsaí reatha. Fáilteofar roimh pháipéir a bhaineann le mórthéama(í) na Comhdhála.
Seoladh comhfhreagrais: comhdhailnagaillimhe@gmail.com
Tuilleadh eolais anseo agus ticéidí anseo.