Cruinniú na nÓg 2022
Cruinniú na nÓg 2022
FéileCruinniú na nÓg 2022 – lá lán le gníomhaíochtaí cruthaitheacha saor in aisce do dhaoine óga
• Níos mó ná 450 imeacht chruthaitheacha saor in aisce do dhaoine óga ar fud na tíre
• Beoshruthú ocht ardán cheoil bheo ar chainéal teilifíse tiomnaithe
• 12 léiriú rince
• Reáchtálfaidh Amharclann Óige na hÉireann ceardlanna amharclannaíochta ar fud na tíre
• Tabharfar amach 5000 liathróid lámhchleasaíochta ar fud na tíre, agus reáchtálfar ceithre cheardlann sorcais i dTiobraid Árann, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Gaillimh
• Reáchtálfar gníomhaíochtaí i gceithre theach stairiúla
Comhfhiontar idir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Clár Éire Ildánach, údaráis áitiúla agus RTÉ atá i gCruinniú na nÓg 2022 agus is é an t-aon imeacht den chineál seo ar domhan.
Agus Cruinniú na nÓg 2022 á fhógairt aici, dúirt an tAire Martin:
“Ó 2018 i leith, tá Cruinniú na nÓg ina phríomh-imeacht i bhféilire cultúrtha na hÉireann. Chuir sé deiseanna iontacha ar fáil do na 1.2 milliún páiste agus duine óg in Éirinn triail a bhaint as rud éigin nua cosúil le scileanna sorcais, beochan, ceol a sheinm ag ceolchoirmeacha beo, rince comhaimseartha a dhéanamh, saothar nua a léiriú trí amharclannaíocht óige agus go leor eile. Tá gach imeacht saor in aisce. “Tá lúcháir orainn i mbliana go mbeidh an chuid is mó de na himeachtaí beo ar an láthair. In éineacht leis na himeachtaí atá beartaithe ag ár gcomhpháirtithe straitéiseacha – Damhsa Éireann, Garageland, Ealaíona Sráide na hÉireann, Líonra Sorcais agus Seó, Féile Scannán Leanaí an Aonaigh, Amharclann Óige na hÉireann agus Tithe Stairiúla na hÉireann – chláraigh údaráis áitiúla 450 imeacht in ionaid ar fud na tíre. Tá an-áthas orainn gur cuireadh deireadh leis na srianta a bhí i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain agus go mbeidh gach duine in ann teacht le chéile i mbliana chun a bheith cruthaitheach, iad féin a chur in iúl agus sult a bhaint as imeachtaí.”
Léireofar Cruthaím 33 ar TG4 le tacaíocht ó rannán na Gaeltachta sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a léireoidh buanna 33 páiste agus duine óg ó gach contae sa tír chomh maith le hionadaí ónár ndiaspóra óg. Áireofar sa chlár freisin 4 scannán a rinne daltaí idirbhliana ó Ghaelscoileanna ar fud na tíre.
Chun liosta iomlán de na gníomhaíochtaí ar fad agus eolas a fháil faoi conas páirt a ghlacadh i gCruinniú na nÓg – téigh chuig www.cruinniu.creativeireland.gov.ie agus www.rte.ie.