Cruinniú Poiblí ar an bPolasaí nua don Oideachas lán-Ghaeilge: Bhur bPáistí, a dTodhchaí
Cruinniú Poiblí ar an bPolasaí nua don Oideachas lán-Ghaeilge: Bhur bPáistí, a dTodhchaí
@ The Alex Hotel
Léacht nó CaintBígí linn in Óstán an Alex, Baile Átha Cliath 2 ar an 6 Nollaig 2022 ó 20.00-21.00 chun eolas a fháil faoin bpróiseas comhairliúcháin chun polasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Is é Cormac Ó hEadhra a bheidh mar fhear an tí ar an ócáid agus beidh painéal cainteoirí ann ag roinnt eolais faoin bpróiseas. Beidh tionchar fad-tréimhseach ag an bpolasaí nua seo ar thodhchaí na teanga agus na scoileanna lán-Ghaeilge agus tá sé fíorthábhachtach an deis a thapú do chuid tuairimí a chur in iúl.
Tá an ócáid seo á reáchtáil ag an bhForas Pátrúnachta, COGG agus Gaeloideachas.
Gach eolas anseo: gaeloideachas.ie/cruinniu-poibli/