Dúchas is Dóchas – Amhráin Ghaeilge an Chláir
Dúchas is Dóchas – Amhráin Ghaeilge an Chláir
@ Cultúrlann Sweeney
Siamsaíocht Agus Ealaín28 Bealtaine, Cultúrlann Sweeney, Sráid Uí Chonaill, Cill Chaoi, Co. an Chláir
Dúchas is Dóchas – Amhráin Ghaeilge an Chláir
Cuirfidh Diarmuid de Faoite samplaí de sheanamhráin agus amhráin nua Ghaeilge an Chláir i láthair ag seoladh an tionscadail Duala III, scéim atá curtha ar bun agus comh-mhaoinithe ag Oifig Ealaíon an Chláir agus Taisce Cheol Dúchais Éireann. Ar stáiste, ina theannta beidh amhránaithe agus ceoltóirí an Chláir, ina measc Edel Vaughan, Tim Dennehy, Aindrias de Staic, Therese McInerney, Gráinne Cotter, Emer O’Flaherty, Philip Fogarty, agus Conn Ó Muinneacháin, chomh maith leis an damhsóir aitheanta, Seán Browne.
Ticéid (€12 agus €10)ar fáil ón nasc seo https://culturlannsweeney.ticketsolve.com/shows/1173626355