Féasta Sráide – Baile na Scríne
Féasta Sráide – Baile na Scríne
@ Ionad Ghlór na Spéiríní
Oiriúnach do TheaghlaighTá An tOireachtas, i gcomhpháirt le Street Feast, chun Féastaí Sráide trí Ghaeilge a chur ar siúl ó cheann ceann na tíre i mbliana.
Tá srianta Covid-19 laghdaithe agus muintir na hÉireann ag dul i dtaithí ar an saol sóisialta arís…céard eile a bheadh uainn ach cóisir?! Is sraith lónta pobail í Féasta Sráide ina dtagann daoine le chéile ar shráideanna, i bpáirceanna, i ngarraithe, i hallaí pobail nó eile. Tógann gach duine rud le hithe leo agus roinntear an béile le chéile agus ár ndóigh, bíonn craic, ceol agus cairdeas ann.
Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin Féasta Sráide ná go bhfuil sé dírithe ar an teaghlach agus ar an bpobal uile, agus ní mórán ócáidí na laethanta seo a bhíonn dírithe ar gach aoisghrúpa. Is coincheap simplí é atá dírithe ar phobal a thabhairt le chéile, cairdeas a spreagadh agus meanma an phobail a ardú. Is bealach iontach é freisin leis an nGaeilge a cheiliúradh agus a chur chun cinn i do cheantar.
Sonraí teagmhála an imeachta: Conchúr Ó Muirí ag conchurglor@gmail.com