#parkrunabú! – An tOileán Mór
#parkrunabú! – An tOileán Mór
@ CLG Sráidbhaile Raerainn
Oiriúnach do Theaghlaigh Spórt agus SláinteIs éard atá i gceist le parkrun ná rith (nó siúil) 5k i bpáirc áitiúil, gach maidin Sathairn ag 9.30 a.m. Is imeacht saor in aisce atá ann, agus má chláraíonn tú le parkrun.ie, tabharfar barrachód duit. Beidh d’am cláraithe agus beidh tú in ann breathnú ar thorthaí an reatha ag am lóin an lá céanna. Tá 94 parkrun i bpáirceanna éagsúla timpeall na tíre agus ní gá ach breathnú ar parkrun.ie le parkrun i do cheantar féin a aimsiú.
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Riomhphost an Imeachta: bereisland@parkrun.com