Seachtain na nÓg
Seachtain na nÓg
Ar líne Comórtas Féile Tráth na gCeistImeachtaí ar líne, dírithe ar an aoisghrúpa 10-13 agus ar siúl ar an 20-24/06/2022.
Tá meascán d’imeachtaí idir Cheardlanna Bhácála, Aclaíochta, Raidió, Péinteáil Aghaidheanna, Ióga, agus Ealaín, chomh maith le comórtais éagsúla.
Beidh siad le feiceáil beo ar YouTube agus Facebook Cumann na bhFiann le go leor duaiseanna le buachaint: Nintendo Switch, Trealamh Podchraolta, Airpods, agus Pónaireán ollmhór ina measc!
Mar ghníomhaíocht breise do scoileanna, tá Tráth na gCeist nua trí Ghaeilge réitithe ag Cumann na bhFiann tríd ‘Kahoot’. Is gá don mhúinteoir clárú ag an nasc thíos agus seolfar an Tráth na gCeist chucu le reáchtáil sa scoil: https://www.cnb.ie/seachtain-na-nog-2022/
Tá gach eolas faoi ‘Seachtain na nÓg’ ar fáil ag www.cnb.ie