14 Sráid Henrietta
Imeachtaí
Turas Treoraithe den Teach as Gaeilge
27/04/2024
Nuair a iontrálann tú 14 Sráid Henrietta gheobhaidh tú blaiseadh ar stair na cathrach a ghabhann siar breis agus trí chéad bliain i mballaí tí amháin. Tugann ár dturais threoraithe phearsanta thú ar aistear ó thús galánta Seoirseach an tí a fhad leis na háiteanna cónaithe tionóntáin a bhí ann ina dhiaidh sin. Nochtar na scéalta faoi stair cheilte an fhoirgnimh nuair a dhéantar ceangal le scéalta pearsanta na ndaoine siúd a chónaigh anseo in 14 Sráid Henrietta. Léirítear sna scéalta faoin teach agus faoin tsráid scéal mhuintir Bhaile Átha Cliath. Tabhair cuairt ar an teach, éist lena chuid scéalta...