Scoileanna
Gaeilge24
Dushlán le Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair a chloig – sa bhaile, ar scoil, le siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, sa chlub spóirt & le cairde!
300 scoil, 30,000 dalta. An mbeidh do scoil páirteach?!
Traenáil na nOifigeach
I bpáirtnéireacht le ISSU, tá dhá sheisiún traenála á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge le tacú le hOifigigh Gaeilge in iarbhunscoileanna.
Comhrá
Bíonn Comhrá ar siúl i mí Dheireadh Fomháir, agus is í an sprioc atá ann ná an míleáiste is faide ó thaobh comhrá Gaeilge timpeall an domhain a bhaint amach.Tuilleadh eolais
Dushlán
Is í aidhm an chomórtais seo ná daltaí iarbhunscoile a chur i mbun feachtais ar son na Gaeilge ar bhealach spraiúil. Bíonn 30 dúshlán (tasc) le baint amach taobh istigh de 50 uair a’chloig agus duaiseanna dochreidte maith le buachan.
Ard-Fheis na nÓg
Is deis iontach í an Ard-Fheis le hardán poiblí a thabhairt do dhaltaí meánscoile agus guth na n-óg a spreagadh. Bíonn deis ag daltaí cur i láthair a dhéanamh, freastal ar cheardlanna agus díospóireachtaí a dhéanamh lena gcomhscoláirí ó thimpeall na tíre.
An Seó Bóthair
Tá clú agus cáil bainte amach ag an Seó mar chuid thábhachtach den fhéilire scoile. Bíonn muid ar an mbóthar gach lá ag spreagadh daltaí i scoileanna fud fad na tíre. Is ceardlann idirghníomhach é an Seó Bóthair a úsáideann cluichí, plé, agus díospóireacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mbealach taitneamhach.
Ceardlanna Raidió Rí-Rá
Tugann Ceardlann Raidió Rí-Rá deis do dhaltaí scileanna raidió a fhoghlaim. Beidh cláir raidió á n-ullmhú agus á dtaifead ag na daltaí. Craolfar na cláir raidió is fearr ar Raidió Rí-Rá nó cuirfear iad ar ár suíomh greasáin www.rrr.ie
An Gaelbhratach
Is scéim ghradaim í Gaelbhratach a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhaíonn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad. Tá Gael-Linn i mbun Gaelbhratach sna scoileanna i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge ar an dara leibhéal.