Podchraoltaí Siamsúla Gaeilge
Seo daoibh blaiseadh de na podchraoltaí Gaeilge is fearr linn anseo in PEIG.ie. Caith súil ar ár liosta. An bhfuil dearmad déanta againn ar aon cheann eile?
Beo Ar Éigean
Podchraoladh de chuid RTÉ é Beo ar Éigean a bhfuil an-chuid cáile bainte amach aige le míonna beaga anuas. Siún Ní Dhuinn, Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin a bhíonn ina bhun, triúr atá ag saothrú a gceirde leis an gcraoltóir náisiúnta le tamall anuas. Is minic go mbíonn aíonna éagsúla acu, cairde an triúir a bhformhór, a mbíonn spraoi agus scléip ag baint leo i gcónaí.
Pléann siad cúrsaí móra an tsaoil: imeachtaí, oícheanta amach, cairdeas, pósadh agus roinnt ábhar comhaimseartha eile. Cuirtear an clár i láthair i bhfoirm neamhfhorimeálta ó thús go deireadh. Podchraoladh deas siamsúil atá ann a bhfuil an-chuid éadroime ag baint leis. Éist leis anseo.
Cluasraon
Podchraoladh spéisiúil is ea Cluasraon a chuireann idir phodchraoltaí agus shruthú beo ar chlúichí ríomhaire amach. Is iad Críostóir Ó Faoláin agus Natália Uí Fhaoláin a bhíonn á reáchtáil, beirt atá gníomhach i saol na Gaeilge. Pléitear réimse leathan ábhar agus scéalta ar an bpodchraolah, ó chúrsaí taistil is faisin go cursaí atá ar siúl i saolta na beirte trí chéile.
Ar nós Beo ar Éigean, is minic go mbíonn aíonna acu ag tabhairt léargas ar réimsí sainspéise a bhfuil suim acu iontu. Dóibh siúd a bhfuil suim acu sna sruthanna beo, is faoin ainm Imreoir1 a imrítear na cluichí, Fortnite agus cinn eile nach é. Craoltar an sruthú ar Twitch agus cuirtear iad ar Youtube freisin. Éist leis anseo nó is féidir dul chuig a gcuntas ar Youtube anseo nó ar an gcuntas ar Twitch anseo.
Pod don Eolach
Podchraoladh seachtainiúil is ea Pod don Eolach a chuirtear i láthair ag an iriseoir Maitiú Ó Coimín faoi chúrsaí reatha na seachtaine. De ghnáth bíonn an láithreoir é féin agus beirt eile i mbun cainte chun na scéalta is mó léamh ar an suíomh nuachta NÓS.ie a phlé agus a chíoradh.
Déantar taifead ar an bpodchraoladh seo in áiteanna éagsúla ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath agus Nua Eabhrac fiú. Bíonn plé suimiúil ar siúl i gcónaí agus coinníonn na haíonna difiriúla úire ar leith leis ó sheachtain go seachtain. Cé go bhfuil sé dírithe ar chúrsaí nuachta den chuid is mó, bíonn acmhainn grinn le cloisteáil go minic. Éist leis anseo.
ClubLeabhar.com
Ceann de na podchraoltaí is seanbhunaithe é ClubLeabhar.com a fhoilsítear ag an gcomhlacht Gaelchultúr i mBaile Átha Cliath. I bhfoirm thradisiúnta roghnaítear leabhar amháin in aghaidh na míosa agus déantar léirmheas air. Déantar iarracht leabhair ó sheánraí éagsúla a roghnú, idir aistriúcháin agus leabhair atá ar an bhfód le fada go leabhair nuafhoilsithe atá i mbéal an phobail.
Dar lena suíomh tá 2259 duine cláraithe mar bhaill den chlub é féin, a bhfuil fóraim agus clubanna leabhair áitiúla ag feidhmiú mar chuid de. Má tá spéis agat sa litríocht, is fiú duit cluas a chaitheamh i dtreo an phodchraolta seo. Éist leis anseo.
Blas (BBC Gaeilge)
Podchraoladh de chuid BBC Gaeilge is ea Blas a dhéanann soláthar ar ábhar Gaeilge a chaoltar ar BBC Radio Ulster agus BBC Radio Foyle. Is iomaí láithreoir atá acu a dhéanann plé ar éagsúlacht mhór ábhair, cúrsaí reatha, staire agus Gaeilge gan ach cúpla ceann a lua.
Mar aon leis an ábhar ón raidió, foilsíonn siad a bpodchraoltaí seachtainiúla féin bunaithe ar scéalta atá i mbéal an phobail. Bí ar an eolas nach bhfuil ach saol 30 lá ag gach clár a chuirtear suas ar an ardán; baintear iad uaidh ina dhiaidh sin. Tá fócas an phodchraolta ar chúrsaí ó thuaidh den chuid is mó, ach cuimsítear scéalta eile ó áiteanna ar fud an oileáin chomh maith.
Ábhar éisteachta eile:
Motherfoclóir – Podchraoladh mór le rá is ea Motherfoclóir a dhíríonn ar stair, cultúr, oidhreacht, saibhreas agus áilleacht theanga na Gaeilge. Cuirtear i láthair é trí mheán an Bhéarla, cé go bhfuil sé go iomlán bunaithe ar chúrsaí Gaeilge agus Gaelachais.
Is mór an cháil atá bainte amach aige le bliain anuas agus tá sé ag dul ó neart go neart go fóill. Bí ag súil leis an leagan is déanaí ar bhonn seachtainiúil. Éist leis anseo.
Closleabhair Cois Life – In ainneoin nach podchraoltaí iad, is iontach an áis atá curtha ar fáil ag Cois Life lena rogha closleabhar. Tugann siad deis do na húdair iad féin a leabhair a léamh agus a thaifead ionas go mbeidh siad dílis do na bunsaothair atá scríofa acu.
Cuirtear na cosleabhair ar fáil go saor in aisce uilig, agus is féidir iad a íoslódáil mas maith leat éisteacht le ceann acu ar an traen nó ar an mbus. Breathnaigh ar chlosleabhair Cois Life anseo