Bronntanais dheasa Ghaelacha don Nollaig
Faoin tráth seo tá na bronntanais uilig á gceannach againn. Níl ach 6 lá fágtha go dtí an lá mór agus tá rogha earraí iontach leathan ar fáil. Seo thíos ár moltaí do bhronntanais dheasa Ghaelacha gur fiú ceannach an Nollaig seo.
Tá neart deochanna álainne a dhéantar sa Ghaeltacht, idir bhiotáille agus bheoir, agus cinnte tá rogha leathan ann dóibh atá déanta ag na Gaeil. Mar shampla, tá oidhreacht láidir ag baint le Micil Poitín sa Ghaillimh. Bunaithe ag Micil Ó Griallais, tá an t-oideas fós sa teaghlach agus á dhéanamh acu ó shin. Tá an branda i ndiaidh leathnú amach, áfach, agus déantar jin anois sa drioglann s’acu sa Ghaillimh. Caith siúl ar rogha Dhrioglann Loch Measc chomh maith.
Tá liosta iomlán déanta againn roimhe de dhrioglainní lonnaithe sa Ghaeltacht agus de ghrúdairí Gaelacha chomh maith. Caith súil orthu!
D’fhéadfaí bronntanas a fháil do dhuine ar bith ó Nine Arrow, comhlacht dearaidh a bhfuil réimse leathan de roghanna acu.
Tá léaráidí éagsúla ar fáil, ó ealaíon álainn den leann dubh go pictiúir ghrámhara agus póstaeir fhísiúla. Tá gach ábhar ar an suíomh as Gaeilge. Is fiú go mór súil a chaitheamh ar an rogha atá acu, cinnte tá bronntanas ann do dhuine a bhfuil aithne agat orthu agus beidh tú ag tacú le comhlacht beag Gaelach ag an am céanna. Féach ar an siopa anseo.
Tá an t-uafás nithe éagsúla ar fáil ón gCeardlann sa Spidéal. Rudaí lámhdéanta den chuid is mó atá acu agus is cinnte go dtaitneodh bronntanas ón gCeardlann go mór le ball clainne nó le do ghrá geal.
Tá idir phíosaí ealaíne, áilleagáin, chiseáin lámhdéanta, earraí criadóireachta, t-léinte ar leith (le hábhar as Gaeilge orthu) ar fáil ón Spailpín Fánach agus neart eile. D’fhéadfá an lá a chaitheamh ann más maith leat, tá caifé álainn, An Builín Blasta, lonnaithe ann chomh maith.
An bhfuil leanbh óg agat sa teach? An bhfuil sé nó sí á t(h)ógáil trí Ghaeilge, nó an mhaith leat go mbeadh cúpla focal aige / aici?
Is Babóg baby atá uait mar sin! Is féidir an béar gleoite seo a cheannach sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair. Tá neart frasaí agus focal ag an mbéar gleoite seo agus iad nasctha le cnaipe nó cruth éigin ar bholg an bhéir. Is bronntanas álainn Gaelach é gur féidir ceannach ag an nasc seo. Faigh níos mó eolais faoin mBabóg anseo.
Tá roinnt daoine amuigh ansin na laethanta seo a bhfuil nó a raibh líofacht éigin acu sa Ghaeilge. B’fhéidir gur thaitin an teanga leo agus iad níos óige nó go mbíonn siad ag léamh cinnlínte na Gaeilge anois agus arís. Má tá tú ag smaoineamh faoi bhronntanas a cheannach dó nó di, molaimid ceann a fháil a chuirfidh leis an suim sin.
D’fhéadfaí leabhar Gaeilge, leabhar faoin nGaeilge as Béarla nó ceann de na bronntanais atá luaite sna leideanna thuas a bheith i gceist. Bímis ag tacú leis an nGaeilge um Nollaig; ag spreagadh a húsáide nó ag ceannach ó dhíoltóirí Gaelacha. Seans go n-athmhúsclófar an spéis sin dá bharr.