Grúdairí Gaelacha gur fiú blaiseadh
Is mór an borradh atá tagtha ar thionscadal na beorach le blianta beaga anuas. I gcás na mbeoracha ceirde go háirithe, tá fás as cuimse tagtha ar a n-éileamh go hidirnáisiúnta. Seo thíos roinnt grúdlanna Gaelacha a thaitníonn linn in PEIG.ie.
Grúdlann aitheanta í 9 White Deer atá lonnaithe sa Ghaeltacht i mBaile Bhuirne i gContae Chorcaí, áit a dhéantar an grúdú agus an buidéalú araon.
Baineann siad úsáid as ábhair áitiúla Éireannacha leis na beoracha uilig a dhéanamh. Bíonn an Ghaeilge le feiceáil i roinnt d’ainmneacha na mbeoracha, Stag Rua, Ól -é agus Fia cuir i gcás. Caith súil ar shuíomh 9 White Deer anseo.
Tá Four Provinces Brew Co. lonnaithe i gcroílar Bhaile Átha Cliath, agus cuireann siad an t-ainm ‘Beoir na nGael’ orthu féin. Grúdlann a bunaíodh sa bhliain 2014 í agus atá i ndiaidh dul chun cinn suntasach a dhéanamh le tamall anuas.
Is mór an éagsúlacht atá acu i measc na mbeoracha a dhéanann siad, idir ‘The Hurler’ Copper Ale, ‘Válsa’ Vienna Lager agus ‘Láidir’ Robust Porter. Léigh níos mó fúthu anseo nó téigh chuig a leathanach Facebook anseo.
Osclaíodh Beoir Chorca Dhuibhne nó West Kerry Brewery don chéad uair sa bhliain 2008, an chéad mhicreaghrúdlann sa chontae ag an am. Bíonn siad ag feidhmiú mar chuid de Thig Bhric, teach ósta atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh i gCiarraí.
Tá 6 bheoir éagsúil acu: Carraig Dhubh, Cúl Dorcha agus Béal Bán mar aon le cinn eile, agus eagraítear turais timpeall na grúdlainne chomh maith leis sin. Léigh níos mó faoi Beoir Chorca Dhuibhne anseo.
Tá Independent Brewing Co. lonnaithe ar an gCeathrú Rua i gceartlár Ghaeltacht Chonamara. Bunaithe sa bhliain 2014, tá rogha leathan ilghnéitheach de bheoracha acu mar aon le roinnt cinn thrialacha, ó phórtar chnó cócó agus go searbhán silín.
Tá Gaeilge líofa ag an úinéir Kevin O’Hara a rinne físeán le MOLSCÉAL faoin obair a bhíonn idir lámha aige ó lá go lá. Téigh go suíomh na grúdláinne anseo nó breathnaigh ar an bhfíseán anseo.
Is comhlacht é Dungarvan Brewing Company nó Grúdlann na nDéise atá ar an bhfód le thart ar 8 mbliain go dtí seo. Tá 13 beoir agus leann éagsúla acu a bhfuil an-éagsúlacht bhlais agus stíle ag baint leo.
Déantar iad uilig i nDún Garbhán, Contae Phort Láirge. Is féidir turas a dhéanamh timpeall na grúdlainne chomh maith le feiceáil cén chaoi go ndéantar na beoracha éagsúla. Téigh chuig suíomh Ghrúdlann na nDéise anseo.
An maith leat do chuid airgid a chaitheamh ar mhaithe le gnólachtaí agus seirbhísí Gaelacha a chur chun cinn? Léigh níos mó anseo.