Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Saol
  • Tuige an mbeadh duine ar bith ag iarraidh ‘babaí siúcra’ a bheith aige?
tuige-an-mbeadh-duine-ar-bith-ag-iarraidh-babai-siucra-a-bheith-aige

Tuige an mbeadh duine ar bith ag iarraidh ‘babaí siúcra’ a bheith aige?

Cad é do bharúil, a léitheoir dhil, faoi sugar daddys? 

Sílim go bhfuil achan duine againn, is cuma más bean, fear nó eile thú, ag iarraidh go mbeadh duine éigin ag ceannach rudaí dúinn. B’fhearr i bhfad, ar ndóigh, go mbeadh an duine sin ar an taobh iomlán eile den domhan agus go mbeinn féin ag úsáid grianghraf a ghoid mé ó Google le dul le m’ainm nua bréagach coimhthíoch ar nós Crystal, Angel Nevaeh (Heaven litrithe droim ar ais). 

Cuireann an coincheap ar fad an ghruaig ina seasamh orm agus mé fiú ag smaoineamh faoi ligean d’fhear rudaí a cheannach dom agus baol ann go mbeadh orm ‘rudaí’ a thabhairt ar ais dó. Tuigim go minic nach mbíonn rudaí gnéasúla i gceist ach ní féidir a bheith róchinnte. 

Ansin tá an cheist ann maidir le cad a fhaigheann tú uathu? An nglactar leis go bhfuil cead agat rudaí praiticiúla a iarraidh? Seans níos mó go mbeinn ag iarraidh go n-íocfadh sé cúpla bille dom ná go gceannódh sé an botox. B’fhearr liom cíos bliana ná cíocha bréagacha. Agus dá mbeadh sé ag iarraidh dul thar fóir leis, thiocfadh leis siopadóireacht na seachtaine a fháil dom ó M&S in áit Lidl. 

Is dócha go bhfuil mé cúngaigeanta mar gheall nach dtuigim cad chuige an mbeadh duine ar bith ag iarraidh ‘babaí siúcra’ a bheith aige agus rudaí a fháil di. An mbaineann sé le cumhacht a bheith acu? Nó an é go bhfuil siad iarraidh a bheith in ann aire a thabhairt do dhuine éigin? 

Bíonn na deacrachtaí tuisceana céanna agam nuair a iarrann fearr orm ‘daddy’ a thabhairt air sa leaba. Níor tharla sé ach uair nó dhó dom go fóill agus dhiúltaigh mé glan é a rá. Sa chéad dul síos, cuireann achan duine i nDoire ‘daddy’ ar ár n-aithreacha, mise san áireamh, agus tá sin ar an fhrithghiniúint is fearr dá bhfuil ann.

Ní dóigh liom go mothóinn chomh difriúil sin faoi fiú dá gcuirfinn ainm eile ar mo dhaidí mar ní dóigh liom go bhfuil mise compordach go leor i mo chorp féin agus ionam féin an chumhacht sin a thabhairt do dhuine agus muid i mbun gnímh. Ach seans go dtagann sin nuair atá tú i gcaidreamh sláintiúil agus ní nuair atá tú sna luathfhichidí agus ag bualadh craicinn is ag bualadh bóthair.

Bun agus barr an scéil a chairde, má tá sé de phléisiúir ag duine ar bith agaibh craiceann a bhualadh liom amach anseo, ná iarr orm Daidí a chur ort. 

P.s. Daddy, má tá seo á léamh agat, tá fíor-bhrón orm. 

Níos mó
NÓS | NÓS

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge