Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Gaeil Cheatharlach ag iarraidh stádas a bhaint amach mar bhaile dátheangach
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gaeil-cheatharlach-ag-iarraidh-stadas-a-bhaint-amach-mar-bhaile-datheangach

Gaeil Cheatharlach ag iarraidh stádas a bhaint amach mar bhaile dátheangach

Tá pobal na Gaeilge i gCeatharlach ag iarraidh stádas a bhaint amach mar bhaile dátheangach.

Tá an eagraíocht Glór Cheatharlach agus lucht an ghaeloideachais sa cheantar ag iarraidh go dtiocfadh pobal an bhaile uile le chéile le plean a chur i bhfeidhm chun cur le stádas na teanga i gCeatharlach.

Dúirt Bríd de Róiste ó Ghlór Cheatharlach go bhfuil dul chun cinn mór déanta ó bunaíodh gaelscoil ar an mbaile.

“Bunaíodh an Ghaelscoil nach mór daichead bliain ó shin nuair a d’fhreastail 20 páiste ar ranganna a cuireadh ar fáil i seomra sealadach in Ionad an Pharóiste. 

“Thug Comhairle Contae Cheatharlach gach tacaíocht agus cúnamh i gcónaí dúinn, agus an bhliain dár gcionn bhronnadar suíomh orainn leis an gcéad seomra réamhdhéanta a shuiteáil ann. Níorbh fhada go raibh 26 seomra réamhdhéanta breactha timpeall ar champas in úsáid ag comhluadar lán-Ghaeilge,” a dúirt Bríd de Róiste ó Ghlór Cheatharlach.

Dúirt sí go bhfuil gaeloideachas á chur anois ar nach mór 1,000 dalta i gCeatharlach.

Mhaígh sí go mbíonn níos mó daoine ag labhairt na teanga i gCeatharlach, ná mar a bhíonn i gceantair Ghaeltachta áirithe. 

Tá sé i gceist anois ag Glór Cheatharlach plean teanga a chur le chéile don bhaile agus go ndéanfaí sin i gcomhar leis an gComhairle Contae agus le heagrais eile.

“Beidh treoirphlean na teanga á ullmhú againn leis an nGaeilge a chur chun cinn, agus ba mhaith linn go mbeadh ionchur an phobail i gcoitinne san áireamh, ionas gur plean Cheatharlach agus nach plean Ghlór Cheatharlach amháin a bheas ann.

“Ba cheart don phobal breith ar an bhfaill agus cur chuige go díograiseach. Ní ceart go mbeadh an t-ualach anuas ar an mbeagán [atá ag obair] go deonach,” a dúirt Bríd de Róiste.

Mhol Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhairle Contae Cheatharlach, Kathleen Holohan, an obair ar son na Gaeilge atá déanta ag Glór Cheatharlach agus ag muintir an bhaile agus gheall sí tacaíocht na Comhairle don fhiontar.

Thug sí cuireadh don phobal páirt a ghlacadh “san iarracht a dheimhniú go mbeidh Ceatharlach i measc na mbailte is túisce in Éirinn a dtabharfar bailte dátheangacha orthu”. 

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge