Bhí neart imeachtaí agus siamsaíochta ag Féile Joe Éinniu 2019 i gCarna, Conamara, ag an deireadh seachtaine. Bhí an-tóir go deo ar albam nua, ‘Lán Mara’, ón Árannach agus amhránaí sean-nóis mór le rá Treasa Ní Mhiolláin. Cló Iar-Chonnacht a d’eisigh é. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Lillis Ó Laoire ag canadh ag seisiún amhránaíochta Tigh MhóráinTreasa Ní Cheannabháin ag seoladh albam nua ‘Lán Mara’ leis an amhránaí as Inis Mór, Treasa Ní Mhiolláin. Is iad Cló Iar-Chonnacht a d’eisighAn slua i láthair ag seoladh albam nua Threasa Ní MhiolláínTreasa Ni Cheannabháin ag léamh dán a chum Máirtín Ó Díreáin in ómós don amhránaí Treasa Ní MhiolláinMáire Ní Chéilleachair, buaiteoir Chorn Uí Riada 2018, ag an seoladh. Ba í Treasa Ní Mhiolláín a thug léi an chéad Chorn Uí Riada riamh, i 1972Treasa Ní Mhiolláín lena halbam nua, ‘Lán Mara’Gaolta agus cairde Threasa Ní Mhiolláin as Inis Mór. Chun tosaigh ó chlé: Áine Uí Thuathail, Tomás Ó Miolláin, deartháir Threasa; Treasa Ní Mhiolláin féin, Mairéad Ní Fhatharta agus Eimear Concannon. Ar chúl: Treasa Ní Cheannabháin, a sheol ‘Lán Mara’, Deirdre Ní Chonghaile, Pauline agus Seán BrowneSeosamh agus Baba de Búrca, Dubhithir, agus Áine Ní Cheannabháin, Aill na BrónTaispeántas pictiúr as Conamara le TS Róiste in Ionad na nImirceach, Carna. As na Stáit Aontaithe dó ach as Bior Mór, oileán ar chósta Iorras Aithneach a mhuintir ó dhúchasGerard Napion, Doncaster, agus Criostóir Ó hAonghuis, Lios Dúin Bhearna, Tigh MhóráinRoy Hamilton agus Dusty Keleher, Halifax, Albain NuaMicheál Ó Cuaig a bhí ina fhear an tí ag seisiún amhránaíochta Tigh Mhóráin, Dé SathairnFíorshuim sna hamhráinMairéad Ní Fhlatharta ag amhránaíochtGerry Shannon, Co an Chláir ag gabháil fhoinn Tigh MhóráinVanessa Gonzalez, Barcelona; Niamh Ní Chuaig, Aill na Brón; Pamela Gonzalez, An Airgintín agus Paola Ancibar, UraguaMartin Maher, Baile Átha Cliath agus Seán McLaughlin, Baile Chláir an GaillimheMáire Ní Chéilleachair ag gabháil fhoinn Tigh MhóráinRóísín Elsafty ag rá amhráin