![](/wp-content/themes/yootheme/cache/b5/7-Dtreoir-Header-b599cffa.jpeg)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
B’fhiú i gcónaí a bheith airdeallach faoi do chuid iompair ar líne. Seo thíos roinnt treoracha faoi conas a bheith níos sábháilte agus tú ag scimeáil ar an idirlíon.
1. Déan cinnte go bhfuil pasfhocail láidire agat
De ghnáth bíonn deacracht ag roinnt daoine pasfhocail láidire a chumadh, gan trácht ar chuimhne orthu. É sin ráite is fiú iarracht a dhéanamh pasfhocal casta nó uathúil a bheith in úsáid agat. Moltar pasfhocail fhada (15 carachtar ar a laghad) le meascán de shiombail agus d’uimhreacha a úsáid chun cosaint a chur ar bhur gcuid sonraí pearsanta.
Más maith leat, molann muid úsáid a bhaint as pasfhocal Gaeilge toisc go bhfuil formhór na bpasfhocal is coitianta i mBéarla.
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2019/03/neonbrand-357940-unsplash-1024x673.jpg)
2. Bí airdeallach ar chibearbhulaíocht nó drochiompar a fheiceann tú
Bí airdeallach ar céard í cibearbhulaíocht i dtús báire; is gnáthbhulaíocht í ach trí mheán na teicneolaíochta. Is féidir cibearbhulaíocht a bheith i bhfoirm téacs nó fuaime, trí íomhánna nó trí fhísean. Molann muid foghlaim faoi conas bac a chur ar dhaoine a dhéanann cibearbhulaíocht ar na meán shóisialta nó faoi conas daoine a mbíonn drochiompar ar líne acu a sheachaint. Is féidir leat gabháil scáileáin a thogáil den drochiompar seo mar fhianaise. Tuairiscigh é má fheiceann tú é!
Déan
cinnte go bhfuil socruithe príobháideachais cuí i bhfeidhm agat. Ná
déan dearmad gur féidir leat logáil amach, sos a thogáil agus am a
chaitheamh i mbun rudaí eile nach mbaineann leis an idirlíon. Labhair le
duine eile faoi, nó déan teagmháil le séirbhís tacaíochta má mhothaíonn
tú go bhfuil cibearbhulaíocht á déanamh ort. Tá liosta acu ar fáil anseo.
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2019/03/victoria-heath-597279-unsplash-1024x613.jpg)
3. Bí cinnte go bhfuil cosaint ar víris suas chun dáta agat
Ni féidir cosaint ar bhogearraí mailíseacha uilig a bheith agat agus tú ar líne ach tá bogearraí frithvíris ar fáil chun cosaint thábhachtach breise a thabhairt duit. Aithníonn ríomhchláir den mhúnla seo víris agus cuireann siad cosc ar víris chontúirteacha.
Molann
muid ríomhchlár frithvíris a íoslódáil. Tá roinnt acu ar fáil go saor
in aisce ach uaireannta bíonn gá ort íoc astu. Is féidir teacht ar
liosta de na cinn is fearr ag an nasc seo.
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2019/03/markus-spiske-445253-unsplash-1024x683.jpg)
4. Ná roinn an iomarca eolas pearsanta fút féin
Is mór agus is domhain an áit é an t-idirlíon. Cuireann nach mór gach éinne a bhíonn ag baint úsáid as an idirlíon a gcuid sonraí pearsanta ar fáil do shuíomhanna gréasáin éagsúla agus coimeádtar an t-eolas sin i dtaisce ar fhreastalaithe dá gcuid. Le 10 bliain anuas áfach tá na hardáin shóisialta tagtha chun cinn go mór mór agus moltar d’úsáideoirí na n-ardán sin eolas pearsanta a roinnt chomh minic agus is féidir.
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2019/03/thought-catalog-609285-unsplash-1024x683.jpg)
Más maith leat a bheith níos sábháilte ar an idirlíon molann muid a bheith cúramach faoin méid eolais a roinneann tú go poiblí. Mar shampla má chuireann tú roinnt pictiúr suas ar Facebook agus tú ar do laethanta saoire, is léir nach bhfuil tú sa bhaile i do theach féin agus méidítear an baol go ndéanfaí gadaíocht ar do theach. Cuir do chuid cuntas ar na hardáin shóisialta ar phríodháideach, is tús maith é sin.
5. Má tá tú ag siopadóireacht, bí cinnte go n-úsáideann tú suíomh gréasáin aitheanta
Tá
réabhlóid tagtha ar chúrsaí siopadóireachta buíochas leis an idirlíon.
Tugann sé rogha níos leithne agus níos ilghnéithí don siopadóir agus is
féidir leis earraí a sheachadadh fud fad an domhain.
Ach é sin
ráite is iomaí suíomh gréasáin a bhíonn ag iarraidh dallamullóg a chur
ar a n-úsáideoirí ar mhaithe le gadaíocht sonraí a dhéanamh. Mar sin bí
cúramach go gceannaíonn tú ó shiopaí atá aitheanta agus a bhfuil
dea-chlú orthu. Má tá tú in amhras faoi chreidiúnacht siopa áirithe,
b’fhiú é a sheachaint.
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2019/03/ala11-1024x683.jpg)
6. Ná bain úsáid as WiFi oscailte le do ghnó pearsanta a dhéanamh
Bíonn WiFi saor in aisce ar fáil i mbeagnach gach ionad poiblí sa lá atá inniu ann. Bíodh leabharlanna, dánlanna, spás comhoibre ná iompar poiblí i gceist. Cé gur iontach an áis dúinn é an WiFi saorúsáide seo caithfear i gcónaí a bheith airdeallach go bhfuil rochtain ag na mílte eile air chomh maith.
Ná
bain úsáid as an WiFi poiblí seo le gnó pearsanta tábhachtach a
dhéanamh, baincéireacht ar líne cuir i gcás. B’fhearr gnó den saghas sin
a shábháil go dtí go mbeidh tú in áit nach bhfuil WiFi poiblí ar fáil
ann. Ní fiú dul sa seans leis na sonraí sin!
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2019/03/adventure-2345835-1920-1024x683.jpg)
7. Bí cúramach faoi na rudaí a íoslódálann tú
Bíonn contúirt ag baint le hiliomad rudaí ar an idirlíon agus is íoslódálacha ceann mór acu. Nuair a dhéantar íoslódáil ar aon rud ar an idirlíon tá seans ann go mbeidh rudaí breise leis nach soiléirítear roimh ré. I roinnt de na cásanna bíonn bogearraí mailíseacha faoi cheilt agus d’fhéadfadh siad drochthionchar a imirt ar do chuid ríomhaire nó fóin.
Ar
nós an phointe thuas maidir le siopadóireacht ar líne, molann muid go
láidir gan aon rud a íoslódáil nach ó shuíomh gréasáin aitheanta agus
creidiúnach é. B’fhiú an chontúirt sin a sheachaint más féidir.
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2019/03/headway-537308-unsplash-1024x683.jpg)
Ná déanaigí dearmad nach bhfuil aon scrioseochair ar an idirlíon.