Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • 38% de chomharthaí de chuid an OPW i mBéarla amháin – iniúchadh
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-38%-de-chomharthai-de-chuid-an-opw-i-mbearla-amhain-–-iniuchadh

38% de chomharthaí de chuid an OPW i mBéarla amháin – iniúchadh

I mBéarla amháin a bhí 38% de na comharthaí de chuid an OPW a ndearna Oifig an Choimisinéara Teanga scrúdú orthu anuraidh.

Mar chuid den obair faireacháin a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga anuraidh scrúdaíodh 562 comhartha ar dheich láthair oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí i mBaile Átha Cliath.

60% de na comharthaí de chuid an OPW a ndearna Oifig an Choimisinéara Teanga scrúdú orthu a bhí ag cloí leis an reachtaíocht teanga.

I gcás amháin, Garraithe Náisiúnta na Lus, i nGlas Naíon, bhí 90% de na comharthaí a scrúdaíodh ann ag sárú na reachtaíochta teanga.

320 comhartha a bhí ag cloí go hiomlán leis an dualgas reachtúil ó thaobh na Gaeilge de atá ar an OPW faoin Acht. B’ionann sin agus 57% de na comharthaí a scrúdaíodh mar chuid den iniúchadh.

Léaráid: Oifig an Choimisinéara Teanga

As an 242 comhartha nach raibh ag cloí leis an reachtaíocht, bhí 211 acu i mBéarla amháin.

De réir Thuarascáil Faireacháin nua an Choimisinéara Teanga, a foilsíodh inniu, thug an OPW le fios i ndiaidh an iniúchta go gcuirfí i gceart an 40% de na comharthaí a bhí ag sárú an dlí teanga.

Thug an OPW le fios d’oifig an Choimisinéara Teanga go mbainfeadh costas mór le comharthaí áirithe a leasú agus gur “in imeacht ama” a leasófaí comharthaí den chineál sin.

Is beag glacadh a bhí ag an gCoimisinéir Teanga leis an gcur chuige sin.

Ní miste a aithint go bhfuil na rialacháin i bhfeidhm anois le hos cionn deich mbliana agus tugadh tréimhse ama do chomhlachtaí poiblí dul i ngleic le seanchomharthaí neamhghéilliúla; go deimhin, tá go dtí an bhliain 2026 ag comhlachtaí poiblí chun réimse áirithe seanchomharthaí a leasú.

Tábla: Oifig an Choimisinéara Teanga

“I ngach cás eile ní féidir neamhaird a dhéanamh den dualgas reachtúil atá le comhlíonadh agus is gá go dtabharfaí faoi chur chuige córasach chun aon chomharthaí neamhghéilliúla a cheartú,” a deirtear i dtuarascáil faireacháin an Choimisinéara Teanga.

Bhí formhór na gcomharthaí ar thrí láthair ag cloí go iomlán leis an reachtaíocht teanga agus ba é Músaem na bPiarsach i Ráth Fearnáin, mar a raibh 89% de na comharthaí ag cloí leis an reachtaíocht, is fearr a chruthaigh.

As an 562 comhartha a scrúdaíodh ní raibh ach naoi gcinn acu i nGaeilge amháin agus ba i Músaem na bPiarsach a bhí na comharthaí sin go léir.

Léaráid: Oifig an Choimisinéara Teanga

Garraithe Náisiúnta na Lus an láthair ba mheasa ó thaobh cloí leis an dlí teanga agus gan ach 11% den 101 comhartha a scrúdaíodh ansin ag cloí go hiomlán leis an reachtaíocht teanga.

Tá sé i gceist ag Oifig an Choimisinéara Teanga roinnt láithreacha eile de chuid an OPW ar fud na tíre a scrúdú sna blianta amach romhainn.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge