Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-nilim-sasta-a-bheith-pairteach-i-sorcas-a-chuireann-slainte-daoine-i-mbaol-don-chraic

Nílim sásta a bheith páirteach i sorcas a chuireann sláinte daoine i mbaol don chraic

Creidim go bhfuilim i measc grúpa beag daoine atá in ann a rá go fírinneach nach mbreathnaím ar Love Island. Tá cúpla mír feicthe agam ar líne anseo is ansiúd agus rinne mé Google sciobtha go bhfeicfinn Maura Higgins Longfoirt agus de réir cosúlachta, tá sí ag baint a cáile feiminí amach, ag cur ar a son féin agus ar son na mban eile ar an gclár. 

Seachas sin, níl agus ní raibh aon spéis riamh agam sa gclár. Mhothaigh mé, cosúil le gach clár teilifíse réaltachta eile, go raibh an iomarca bealaí ann go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as na hiomaitheoirí, agus faraor i gcás Love Island, tá sé seo feicthe rómhinic againn. 

Bíodh nó ná bíodh ceamara ort gach nóiméad den lá, níl cúrsaí grá éasca. Cuireadh an dubh ina bhán orainn uilig ag tráth eicínt, agus seans maith go ndearna muidne an rud céanna le daoine eile freisin. 

Ach, níor caitheadh le chéile i dteach thar sáile faoin ngrian muid, gan stitch orainn. Níor cuireadh brú orainn páirtí a aimsiú, le teann faitís go gcaithfí amach as an gcomórtas muid. Má briseadh ár gcroíthe, bhí muid in ann dul abhaile agus teacht ar ais againn féin go príobháideach. 

A mhalairt atá anseo. Mura raibh dóthain aicsin sa gclár, cothaíodh é. Mar shampla, anuraidh, bhí beirt le chéile sa gclár, agus thug léiritheoirí cuireadh do chailín eile a bhíodh ag dul amach leis an bhfear, isteach ar an gclár. Bhí sé cruálach agus mídhaonna ar an gcailín a bhí sáinnithe sa teach, agus gur tháinig an t-eachtra seo aniar aduaidh uirthi. 

Cothaítear teannas agus brú, sa gcaoi agus go mbeidh spraoi againne ag breathnú orthu sa mbaile. Ar ndóigh, mar gheall gur teilifís réaltachta atá i gceist, tá seans ann nach bhfuil rudaí ag cur as do na daoine atá istigh ann mar go dtuigeann siad gur ag aisteoireacht atá siad. 

Faraor, ní féidir linn é sin a rá níos mó, ná glacadh leis. Tuigtear go bhfuil duine ar bith a théann air ag iarraidh a bheith cáiliúil, agus is minic gur daoine sobhriste bog iad taobh thiar den ghaoth uilig. Bristear daoine, mná ach go háirithe, ar an gclár. 

Ag am éigin, beidh ar na hiomaitheoirí an teach a fhágáil, filleadh ar an mbaile, agus maireachtáil arís. Feicfidh siad gach a dúradh fúthu ar líne agus ar chláir eile. Breathnóidh siad ar an gclár agus tuigfidh siad cé gur cheap siad go raibh ceannasaíocht acu ar rudaí, go raibh láimhseáil déanta orthu ag léiritheoirí sa gcaoi agus go bhfanfadh muidne ag breathnú air. 

Mar atá a fhios againn, ní raibh sé seo éasca ar go leor acu, agus níor chuidigh sé lena meabhairshláinte. Tá beirt básaithe. Is léir go dtuigeann ITV é seo anois agus shílfeá go bhfuil siad níos cúramaí faoin gcineál duine a chuireann siad ar an gclár. Tá cabhair shíceolaíoch á thairiscint chomh maith. Níl a fhios agam fútsa, ach nílim sásta a bheith páirteach i sorcas atá ag cur sláinte agus beatha daoine i mbaol don chraic. 

Níos mó