Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘cumhacht-an-choinin’-–-ranganna-a-thabharfaidh-cumhacht-do-do-phit

‘Cumhacht an Choinín’ – ranganna a thabharfaidh cumhacht do do phit

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Níor chreid mé riamh sa smaoineamh seanfhaiseanta sin gurb iad “na fir a bhaineann a bhaineann taitneamh as an gcollaíocht”. Nuair a mhínigh mo mháthair cúrsaí an tsaoil dom agus mé i mo chailín óg, dúirt sí gur “tríd an gcollaíocht a mhothaíonn na fir go maith”. Ansin féin, bhí mé ag déanamh iontais cén fáth sa diabhal a ndéanfainn é mura raibh ann ach bealach le fir a shásamh.  

Mar gheall air seo, déanaim iarracht i gcónaí bealaí a aimseoidh a thabharfaidh cumhacht do mo ghnéasacht. Cuirim i gcás, ní deirim gur chaill mé mo mhaighdeanas ach go raibh “mo début collaíochta” agam. Mar, i ndáiríre, céard a chailleann tú? 

Tá go leor bealaí beaga ann is féidir do ghnéasacht a chumhachtú mar bhean, agus sílim go dtuigeann níos mó daoine é sin anois. Le bliain anuas nó mar sin, tá an t-iliomad ranganna, ceardlanna agus fiú seisiúin ióga feicthe agam a bhfuil sé mar aidhm acu cumhacht a thabhairt do mhná agus dá ngéasacht, agus is leagan éigin de ‘Pussy Something’ a bhíonn mar theidil orthu uilig. 

Idir cheardlanna pussy gazing, nuair a bhreathnaíonn tú ar do phit féin i scáthán, agus ranganna pussy power (cumhacht an choinín?) a mhúineann cén chaoi d’fhuinnimh ghnéis a chur chun tairbhe, is cosúil go bhfuil rud éigin ann do gach bean atá ag iarraidh preab a chur ina saol collaíochta. 

Bheartaigh mé triail a bhaint as ceann acu go bhfeice mé an bhfuil na ranganna pussy seo chomh cumhachtach agus a mhaítear. Roghnaigh mé léacht agus rang ióga dar theideal Pussy Power a bhain leis an bhfuinneamh banda a chur chun tairbhe. 

Ní raibh an léacht, a bhí ar siúl ar dtús, chomh hipíoch agus a shíl mé go mbeadh ar an gcéad fhéachaint. San ióga, tá fuinneamh fearga gníomhach ar a dtugtar fuinneamh Síve, agus tá fuinneamh banda suaimhneach ar a dtugtar fuinneamh Seaictí. In áit a rá gur ceart do mhná a bheith ‘Seaictí’ an t-am ar fad, leag an léachtóir go leor béime ar an gcothromaíocht, agus dúirt nár cheart go mbeadh drogall ar mhná a bhfuinneamh fearga a úsáid nuair is gá. 

Ciallíonn sé seo gan faitíos a bheith ort spás a thógáil, gan drogall a bheith ort tabhairt amach do dhuine más gá, agus a bheith níos ceannasaí le linn collaíochta. Ag an am céann, tá sé ceart go leor glacadh leis an bhfuinneamh banda, agus ligeann duit féin a bheith lách, tuisceanach agus mothúchánach. Dáiríre, ní raibh i gceist ach a bheith sásta ionat féin i ngach gné den saol agus an cothromas idir an láíocht agus an ionsaitheacht a aimsiú. 

Bhí an rang ióga, a reáchtáladh díreach i ndiaidh an léachta, ar an rang ba neamh-iógach a raibh mé riamh aige. Lean sé smaointeoireacht an léachta go bhfuil sé ceart go leor do mhná spás a thógáil agus a bheith ‘neamhbhanúil’, ach bhí sé gnéasach agus gnéasúil freisin. Ba bheag ióga a bhí i gceist ar chor ar bith, ach go leor damhsa, scréachaíola, agus barróga ag an deireadh. 

An raibh spraoi ann? Bhí. Ar fhoghlaim mé go leor? D’fhoghlaim. An raibh sé chomh cumhachtach agus a thuairiscítear? B’fhéidir é. 

An gceapaim go n-osclófar mo ghnéasacht má stánaim ar mo choinín? Ní cheapaim, dáiríre. Is féidir liom é sin a dhéanamh sa bhaile agus ní chaithfidh mé íoc as. An bhfuil sé spraoíúil spás a líonadh agus a bheith ag béiceach agus ag léimt i seomra atá lán la mná eile? Tá, mh’anam. Ach níl a fhios agam an gcabhróidh sé liom a bheith níos banda nó níos gnéasaí. Is dóigh liom go braitheann sé sin ar na daoine atá ann. 

Má tá tú míchompordach le do ghnéasacht, mura mbaineann tú an oiread taitnimh as an gcollaíocht agus ba mhaith leat, nó más maith leat aithne níos fearr a chur ort féin, tugaim lán mo thacaíochta do na ranganna agus ceardlanna seo. Féadfaidh siad a bheith spraoíúil agus fiáin agus múinfear duit go leor rudaí nach gcuimhneodh tú féin go brách orthu. 

Tá spéis agam na rudaí nua ‘pit-dírithe’ a bheidh ann amach anseo, agus cén chaoi a gcabhraíonn siad le mná cumhacht a ngéasachta a aimsiú, má chabhraíonn. 

Níos mó