Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Gaeltacht
  • ‘Ní dhearna mé an iomarca staidéir’ – an Gael óg atá ar dhuine de chúigear a fuair 8 ngrád H1
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ni-dhearna-me an-iomarca-staideir’-–-an-gael-og-ata-ar-dhuine-de-chuigear-a-fuair-8-ngrad-h1

‘Ní dhearna mé an iomarca staidéir’ – an Gael óg atá ar dhuine de chúigear a fuair 8 ngrád H1

Tá MacDara Allison, cainteoir líofa Gaeilge a d’fhreastail ar Choláiste na Coiribe, iarbhunscoil lán-Ghaeilge i gCnoc na Cathrach i gcathair na Gaillimhe, ar dhuine de chúigear sa tír a bhain 8 ngrád H1 amach sna torthaí ardteiste a fógraíodh inniu.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt MacDara Allison, arb as Mionlach i gcathair na Gaillimhe é, nach raibh sé ag súil “ar chor ar bith” le lánmharcanna a fháil san ardteist.

“Cheap mé go mbeadh H1 nó dhó agam ach ní raibh súil ar bith agam leis na torthaí a fuair mé.

“Ní dóigh liom go ndearna mé an iomarca staidéir. Rinne mé beagáinín ó thús na bliana agus choinnigh mé orm i rith an ama,  in áit an t-uafás a dhéanamh ag an deireadh,” a dúirt sé agus é ag caint linn ar an Spidéal inniu, mar a raibh sé ar cuairt ar ghaolta leis.

Mac Dara lena dheirfiúr Nell agus a mháthair Máire Ní Fhatharta ar An Spidéal, Co na Gaillimhe. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Rinne sé ocht n-ábhar don ardteist – Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Stair, Fraincis, Bitheolaíocht, Ceimic agus Fisic – agus fuair sé H1, an grád is airde i ngach ceann acu.

Tá súil aige tús a chur le céim san Fhisic Theoiriciúil i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair.

Dúirt Príomhoide Choláiste na Coiribe, Seán Mac Dhabhoc, go raibh moladh mór tuillte ag an bhfear óg as an éacht a rinne sé.

“Duine an-chliste agus an-mheabhrach é agus bhí muid cinnte go bhfaigheadh sé bleaist maith de mharcanna H1, ach ní dóigh liom go raibh sé féin ag súil leis na marcanna a fuair sé.

“Nuair a chuireann daltaí an obair isteach, faigheann siad na marcanna, sin rud atá feicthe againn. Ní gach scoláire a fhaigheann 8 gcinn de mharcanna H1 ach is cuma cén toradh a fhaigheann tú. Má dhíríonn tú ar bharr do mhaitheasa a bhaint amach, sin an rud is tábhachtaí,” a dúirt Seán Mac Dhabhoc, Príomhoide Choláiste na Coiribe

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge