![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-saol-an-mhadra-veain](/wp-content/themes/yootheme/cache/f7/saol-an-mhadra-veain-f706a9d4.jpeg)
Saol an mhadra veain
Dhearbhaigh an Taoiseach Leo Varadkar i gcaitheamh na seachtaine seo caite go mbeifí ag leanúint de phleananna ó thaobh aonad “cómhaireachtála” a thógaint i nDún Laoghaire. Os cionn deich míle ag brath ar lóistín éigeandála i láthair na huaire.
Is ea, tá drochtheist ar chúrsaí tithíochta na tíre seo go hidirnáisiúnta anois. Tá deartháir agam féin a bhfuil beirt óg aige agus ag a bhean, agus a raibh tigh deas ar cíos acu ó rugadh dóibh clann. Iad ina mbaill dhílse ghníomhacha dá bpobal, agus an saol á chaitheamh ar a sáimhín só acu. An chéad rud eile, fonn ar an tiarna talún a dtigh a dhíol, agus trí mhí réamhfholáirimh faighte acu le lóistín nua a aimsiú dóibh féin agus dá muirear. Sin é an baol a bhaineann le tigh a fháil ar cíos. Agus ní fiú do mhóramh ollmhór na ndaoine a bheith ag caint ar mhorgáiste a fháil a thuilleadh.
Gach seans gur soiléire fairsinge na faidhbe Éireannaí seo don té a chaith seal ar an gcoigríoch.
D’fhágas-sa árasán breá in Montréal i mí Mheán Fómhair na bliana 2014, cuirim i gcás, agus thána abhaile chun cónaithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Ba é lóistín an gad ba ghaire don scornach, agus bheartaíos ar sciuird a thabhairt mórthimpeall na leithinse á chuardach.
Níorbh fhada go bhfaca sa bhóthar romham fógra go raibh áit le ligint amach ar cíos, agus uimhir teagmhála féna bhun – is annamh an duine anois sa dúthaigh a bheadh sásta gan a thigh a chur i dtreo Airbnb. Do ghlaos ar an uimhir ach go háirithe, agus is as Gaelainn dar ndóigh a labhras. An freagra a fuaireas ón duine a bheadh mar thiarna talún ina dhiaidh sin agam: “I’m sorry, I can’t
speak Irish right now, I’m in Dingle”. Ceacht álainn ar rialacha códmheascthaDhaingean Uí Chúis, chomh maith le bheith ina eiseamláir den rud ar a dtugtar “non sequitur” sa Laidin – dhá ráiteas taobh lena chéile nach cosúil aon cheangal loighciúil a bheith eatarthu.
Pé scéal é, thógas an áit ar cíos, agus ba bhreá mar lóistín é nó gur tháinig fuacht an gheimhridh. Bhínn leata ó lá go lá ar bhealach ná raibh riamh i gceist agus cónaí in Montréal an tseaca is an tsneachta orm.
Idir ghual, mhóin agus adhmad, bhíodh béilteach thine lasta de shíor agam, agus sciar maith de m’ioncam suarach á dhó leis ag costaisí breosla, gan puinn téamh ar an tigh á dhéanamh. Tháinig oíche an-olc i mí na Nollag ansan, agus dála mórán de sheana-thithe na tuaithe, bhí an tigh seo chomh tais gur mheasas gur cluthaire a bheinn dá mba sa mhótar a chodlóinn. Dheineas amhlaidh, agus is ea, is fearr a chodlaíos dá thairbhe. Sin é a spreag an cinneadh mór saoil ar a mbeidh cur síos san alt seo uaim: tigh soghluaiste a cheannach, agus cónaí a dhéanamh ann. B’in an réiteach sealadach a fuaireas ar m’fhadhb thithíochta pearsanta féin.
Bíonn idir veaineanna campála agus charbháin athláimhe le ceannach go rialta ar shuíomh adverts.ie nó donedeal.ie, ach le bheith neamhspleách i gceart, is gá painéil ghréine a shuiteáil ar dhíon d’fheithicle – foinse shimplí inathnuaite leictreachais é an painéal gréine a luchtóidh do ghuthán agus do ríomhaire, a lasfaidh soilse, a phumpálfaidh uisce, agus a rithfidh aimplitheoir giotáir duit má tá a leithéid agat. An t-olldord is mó a bhíonn á sheimint agam féin!
Is gá a bheith éifeachtach fén úsáid a bhaintear as uisce, d’fhonn gan a bheith ag líonadh suas ag stáisiúin pheitril gach re lá. Laghdóidh sé seo do lorg carbóin gan dabht. Is teo i bhfad é an carbhán ná tithe na hÉireann ach an téitheoir gáis a chur tamall ar siúl. Is ar ghás, leis, de ghnáth a ritear na cuisneoirí sna tiginí siúil, agus is beag mar chuisneoirí iad, rud a laghdóidh go mór, b’fhéidir, méid na feola is féidir leat a stóráil (agus a ithe dá réir sin).
Deirtear gur gá dúinn uile laghdú 90% a dhéanamh ar mhéid na feola a ithimid má táimid le dul i ngleic leis an athrú aeráide, mar sin, tá an ghné seo de shaol an charbháin le moladh.
Cá lonnóidh tú do thigín siúil?
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2019/08/pic1.jpg)
Bainimse leas as aip dar teideal park4night le teacht ar ionad. Aip é seo ina mbíonn fáil ar idir thuairiscí agus íomhánna d’áiteanna éagsúla ar fud na cruinne inar féidir tigh soghluaiste a pháirceáil – in Éirinn, sa tSualainn, ar Oileán Mhanann, nó pé áit. As Gaeilge dar ndóigh a scríobhaimse féin na tuairiscí ar na háiteanna ina bhfanaim!
Fén dtráth a mbeidh rogha déanta agat, ní bheidh agat le déanamh ach cliceáil ar chnaipe, agus tabharfaidh do rogha seirbhíse GPS ann tú. Waze a bhíonn agam féin – i measc na mbuntáistí éagsúla a bhaineann leis an gceann sin tá go dtugann sé le fios veaineanna luais a bheith ar an mbóthar romhat, ach ní móide go mbeidh na teorannacha luais á sárú ag an té a thiomáinfidh carbhán ar aon nós!
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2019/08/pic2.jpg)
Dar ndóigh, ní réiteach inbhuanaithe é seo ach sop in áit na scuaibe, agus b’fhearr i bhfad go mbeadh cúrsaí tithíochta ar fónamh sa tír. Baineann stiogmatú le saol an charbháin de bharr an drochmheasa fhorleathain ar an lucht siúil atá fós bisiúil más aon fhianaise é an tacaíocht a tugadh do Peter Casey an chiníochais i dtoghchán na huachtaránachta. Cá bhfios ach go luíonn an stiogma céanna i gcroí dornán de léitheoirí an ailt seo.
Táimse ag baint taitnimh as saol an fhámaire idir an dá linn ar aon chuma – tá cúinní d’Éirinn agus den Eoraip feicthe agam ná chífinn go deo marach an saol seo atá agam, agus bíonn sé ana-dheas mo thigín féin a bheith ar fáil dom i rith fhéilte ceoil an tsamhraidh. Chífidh mé cuid de léitheoirí NÓS ag láthair champála Ghaeilge Electric Picnic!