Tá cáineadh géar déanta ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge Neil Comer ar an chomparáid a rinne an tráchtaire Eamon Delaney i gcolún san Irish Independent idir gluaiseacht na Gaeilge agus an NRA, an brúghrúpa ar son na ngunnaí sna Stáit Aontaithe.
Sa cholún dá chuid a foilsíodh an tseachtain seo caite, dúirt Delaney gur ceart ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge ag leibhéal na hArdteiste ach mhaígh sé nach dtarlódh a leithéid toisc Fine Gael agus go háirithe Fianna Fáil, a bheith ‘i ngreim daingean ag brúghrúpa na Gaeilge’.
“It is like the National Rifle Association in the US. No politicians dare cross this cranky lobby and so we persist with the idea, for example, that the Gaeltacht areas are bigger than they actually are, or that Irish is a working language at the EU”, a scríobh an colúnaí agus an t-údar aitheanta.
Chuir Delaney fáilte roimh na hathruithe atá le déanamh ar chóras na ndíolúintí Gaeilge a d’fhógair an Roinn Oideachais an tseachtain seo caite, athruithe “faoina gceadófaí níos mó díolúintí” dar leis.
Dúirt sé nach leor an beart sin áfach, agus gur chóir éileamh a dhéanamh “deireadh ar fad” a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach.
“Ireland is now a multi-cultural and diverse society, thankfully, and the days of a narrow definition of nationality are gone. It is about choice. And if the Irish language movement was confident of itself, and of what it represents, it would readily accept this,” a scríobh Delaney ina cholún.
Chuir Uachtarán Chonradh na Gaeilge a mhíshástacht in iúl ar na meáin shóisialta faoin mhéid sin agus cháin sé go géar an tagairt a rinne Delaney don NRA agus do ghluaiseacht na Gaeilge, “comparáid mhaslach”, dar leis.
“Seo chugainn arís é, ionsaí bliantúil/débhliantúil ar an Ghaeilge sa chóras oideachais in Éirinn. Eamon Delaney an iarraidh seo, Kevin Myers don ré nua. Is sothuartha fadálach agus leamh liosta na ndaoine seo ar mhian leo ceist na teanga a úsáid chun aird a tharraingt orthu féin,” a scríobh Neil Comer i bpostáil a roinn sé ar Facebook.
“Tagairt an-tútach go deo” a bhí sa mhéid a dúirt Delaney faoin NRA “go háirithe agus an líon mór daoine a maraíodh le gairid thall,” a deir Comer.
Mhaígh Comer nárbh é seo an chéad uair Conradh na Gaeilge a bheith maslaithe agus dúirt sé gur tugadh ‘Taliban na Gaeilge’ agus ‘Sceimhlitheoirí teanga’ orthu cheana.
Dúirt Cuan Ó Seireadáin, Coimeádaí Chonradh na Gaeilge, i bpostáil a roinn sé ar na meáin shóisialta nach raibh sé ar bhealach ar bith ceart, go luafaí le chéile díograiseoirí chultúr na tíre agus “enablers of mass murders”, agus gan ach seachtain ann ó rinne gunnaí sléacht marfach sna Stáit Aontaithe.