Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-formhor-d’aighneachai-an-phobail-i-gcoinne-mholtai-fhoras-na-gaeilge-do-na-meain-–-sean-o-coinn

Formhór d’aighneachaí an phobail i gcoinne mholtaí Fhoras na Gaeilge do na meáin – Seán Ó Coinn

| Tuairisc.ie |

Tá sé deimhnithe ag Foras na Gaeilge go bhfuil síneadh ama bliana go dtí deireadh 2020 á thairiscint acu do Tuairisc.ie Comhar agus Nós.

Thug Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge le fios do Nuacht TG4 tráthnóna gur léirigh formhór na n-aighneachtaí a fuair an eagraíocht mar chuid den athbhreithniú atá á dhéanamh acu ar earnáil na meán nach raibh aon ghlacadh ag an bpobal lena moltaí agus go bhfuiltear sásta leis na foilseacháin.

Gheall Ó Cuinn go dtabharfaí cluas éisteachta do léitheoirí na bhfoilseachán.

“I ndiaidh anailís a dhéanamh ar na haighneachtaí a fuarthas mar chuid den chomhairliúchán poiblí  ar tháinig deireadh leis ar an 15 Lúnasa 2019, ba léir dúinn nach raibh tacaíocht ó na daoine a sheol aighneachtaí chugainn, dár moltaí, agus bunaithe air sin tá cinneadh déanta ag an Bhord leanúint leis an gcur chuige reatha go ceann bliain eile.

“Is léir go bhfuil léitheoirí na dtrí fhoilseachán seo sásta leis an ábhar a chuireann siad ar fáil, agus, cé go bhfuil dúshláin éagsúla fós le réiteach, agus muid ag iarraidh cur le líon na ndaoine as an phobal atá ag léamh an ábhair a fhoilsíonn siad, ní mór dúinn cluas a thabhairt do na daoine atá á léamh faoi láthair,” a dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

De réir moltaí an Fhorais ní chuirfí maoiniú ar fáil níos mó d’iris liteartha chlóite amhail Comhar agus thiocfadh deireadh ar fad leis an scéim faoina maoinítear an iris Nós.

Dá nglacfaí le plean an Fhorais dhá fhoilseachán ar líne a ndéanfaí maoiniú feasta orthu, iris amhail Comhar ach é ar líne amháin agus  maoiniú laghdaithe aici agus seirbhís nuachta amhail Tuairisc.ie.

Dheimhnigh an Foras chomh maith tráthnóna gur vótáil Bord na heagraíochta Dé hAoine seo caite ar son mholadh an fheidhmeannais go gcuirfí an tríú síneadh ama le conarthaí na bhfoilseachán Gaeilge a ndéanann an eagraíocht maoiniú orthu.

Tá próiseas idir lámha ag Foras na Gaeilge le beagnach dhá bhliain anuas ar mhaithe le socrú a dhéanamh faoi thodhchaí na bhfoilseachán Gaeilge agus cuireadh fad leis na conarthaí atá ag na trí fhoilseachán faoi dhó cheana fad is a bhí an próiseas sin ar bun.

Rinneadh coimisiúnú ar dhá thuairisc éagsúla ó shaineolaithe mar chuid den phróiseas. Moladh i gceann de na tuarascálacha sin go gcuirfeadh an eagraíocht teanga tuilleadh maoinithe ar fáil do Tuairisc.ie agus do na foilseacháin Ghaeilge eile. Bhain an dara tuarascáil le staid earnáil na meán trí chéile in Éirinn seachas le hearnáil na meán Gaeilge.

Tugadh faoi phróiseas comhairliúcháin phoiblí freisin le tuairimí an phobail a fháil faoi mholtaí an Fhorais féin don earnáil.

Tháinig deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí faoi na moltaí sin an mhí seo caite agus ceapadh saineolaí eile le scagadh a dhéanamh ar an aiseolas a bhí faighte ón bpobal.  Liam Ó Cuinneagáin, a bhfuil comhlacht comhairliúcháin oideachais, ROS, aige, a chuir an tuairisc sin le chéile. Cuireadh an ‘tuairisc achomair’ sin ar na haighneachtaí a fuair Foras na Gaeilge faoi bhráid an bhoird ag cruinniú an tseachtain seo caite. 

107 aighneacht ar fad a bhí ann agus tuairiscítear go raibh a bhformhór mór i gcoinne mholtaí an Fhorais.

Dúirt Foras na Gaeilge go bhfoilseofaí tuairisc iomlán faoin bpróiseas comhairliúcháin ar a suíomh gréasáin “go luath”.

Tá dhá shíneadh ama curtha cheana le conarthaí Tuairisc.ie, Nós agus Comhar ó d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh fúthu athbhreithniú a dhéanamh ar an earnáil. Beidh an síneadh ama is déanaí, síneadh bliana, caite ar an 31 Nollaig 2019.

Níos mó