Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Spórt
  • Is stáitse é an Corn Domhanda agus is draíodóirí iad na himreoirí
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-is-staitse-e-an-corn-domhanda-agus-is-draiodoiri-iad-na-himreoiri

Is stáitse é an Corn Domhanda agus is draíodóirí iad na himreoirí

Tá trí rud sa saol seo ar féidir leat a bheith cinnte fúthu: an cháin, an bás, agus draíocht sa Chorn Domhanda Rugbaí. 

Nuair a smaoinítear siar ar na seanchomórtais agus ar na héachtaí a rinne imreoirí agus iad ag imirt ar an stáitse is mó i ndomhan a spóirt, ní féidir focal eile seachas ‘draíocht’ a úsáid chun cur síos a dhéanamh air. 

Fiafraigh d’aon Éireannach atá os cionn 35 bliain d’aois agus inseoidh siad duit faoin úd a scóráil Gordon Hamilton in aghaidh na hAstráile in 1991. 

Nuair a chonacthas Jonah Lomu ar an bpáirc i 1995, bhí uamhan orthu. Ach nuair a chonaic an fhoireann eile Lomu ar an gcliathán, ba orthu siúd a bhí an fhaitíos (seachas James Small). Mairfidh an t-úd a scóráil sé in aghaidh Shasana i gcuimhní an chomórtais go deo, nuair a rith sé thar Mike Catt chun an liathróid a chur síos sa chúinne. 

Céard faoi nuair a bhronn Nelson Mandela an corn ar Francois Pienaar? Nó nuair a phioc Stephen Ferris Will Genia suas nuair a d’imir Éire in aghaidh na hAstráile? Nó nuair a fuair Sam Warburton cárta dearg in aghaidh na Fraince sa chluiche leathcheannais? Agus an pas chun cinn a thug Michalak do Jauzion sa chluiche ceathrú ceannais i 2007?

Ceann de na cuimhní is sine atá agam ná nuair a bhuaigh Sasana an comórtas in 2003. Ní raibh mé ach 15 bliain d’aois, agus cé gur fhéach mé ar an gcomórtas in 1999, is dóigh go raibh mé ró-óg chun cuimhní de a chruthú nó b’fhéidir nár thuig mé an tábhacht a bhain leis.

Ach cuimhním ar 2003. Cuimhním gur chaill Éire in aghaidh na Fraince sa chluiche ceathrúcheannais, agus cé chomh muiníneach is a bhí Michalak lena bhróg (23 pointe a scóráil sé an lá sin, agus ní bhfuair Éire ach 21).

Cuimhním go raibh lá maith ag Elton Flatley leis an mbróg don Astráil in aghaidh na Nua-Shéalainne, nuair a chiceáil sé cúig chic éirice agus slánú amháin. Drochlá as an ngnáth a bhí ag Nua-Shéalainne. 

Ach thar aon rud eile sa chomórtas sin, agus cosúil leis na mílte eile ar ndóigh, cuimhním ar an gcúl preibe a chiceáil Jonny Wilkinson ag deireadh thréimhse breise an chluiche chun an comórtas a bhuachan. Is rud speisialta é cluiche a bhuachan sa stíl sin, ach is rud iomlán eile é an t-éacht sin a dhéanamh leis an gcos lag. Is ciotóg é Wilkinson, ach chiceáil sé an cúl preibe sin lena dheasóg.

Mar a dúirt mé: draíochtúil.

Ní hé Wilkinson an t-aon imreoir a scóráil lena chos lag. Chiceáil Dan Carter cic éirice leis an gcos mhícheart sa chraobh in 2015 mar, mar a luaigh sé ina dhírbheathaisnéis, bhí sé i gcónaí ag iarradh é a thriail i gcluiche. Is stáitse é an Corn Domhanda Rugbaí, agus is draíodóirí iad na himreoirí seo.

Ach den chuid is mó den am, ní duine amháin a sheasann amach, ach foireann. 

Ceithre bliana ó shin, in 2015, d’imir An Afraic Theas in aghaidh na Seapáine. Níor thug duine ar bith seans don tSeapáin, seachas b’fhéidir na himreoirí Seapánacha iad féin. B’fhathaigh iad na himreoirí ón Afraic Theas, foireann a bhuaigh an comórtas in 1995 agus arís in 2007. 

Ar an taobh eile den pháirc, níor bhuaigh an tSeapáin cluiche sa chomórtas ó 1991. Ach is dóigh nár léigh an tSeapáin an script, agus scóráil Karne Hesketh sa nóiméad deireanach chun an cluiche a bhuachan dóibh. 

Bhí mé i gCaerdydd nuair a tharla sé agus, déarfaidh mé leat, bhí an áit craiceáilte.

Sin í an cineál draíochta a tharlaíonn i rith an chomórtais, agus sin é an fáth go bhfuil gach leantóir rugbaí ag súil leis an gcomórtas. Céard a tharlóidh i mbliana? Cá bhfios. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge