Tá sé deimhnithe ag úinéirí an Connemara Gateway Hotel in Uachtar Ard go bhfuil siad ag tarraingt siar ó fhorbairt ionad soláthar díreach ar an mbaile.
Tá an baile i gConamara go mór i mbéal an phobail le tamall anuas mar gheall ar aighneas faoin scéala go rabhthas chun ionad soláthar díreach a fhorbairt ann do lucht iarrtha tearmainn.
Spreag an chonspóid díospóireacht faoin soláthar díreach agus faoi dhearcadh an phobail i leith lucht iarrtha tearmainn.
Ghlac thart ar 2000 duine páirt in agóid mhór i gcoinne na forbartha ag an deireadh seachtaine.
Dúirt urlabhraí thar ceann úinéirí an Connemara Gateway Hotel le Galway Bay FM gur cinneadh an plean don fhorbairt a chaitheamh i dtraipisí mar gheall “ar an mbrú ollmhór” a bhí á chur orthu agus le cinntiú go mbeadh “an uile dhuine sábháilte”.
Dúirt an comhairleoir contae Thomas Welby, a d’eagraigh an cruinniú conspóideach in Uachtar Ard a tharraing aird an tsaoil mhóir ar an scéal, go raibh “an-áthas ar chách” faoin scéal. Dúirt sé gur chóir go spreagfadh an scéal leasú ar an gcóras soláthar díreach. Dúirt sé gur chóir “náire” a bheith ar an Roinn Dlí agus Cirt faoin gcóras.