Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Gaeltacht
  • ‘Gearradh siar’ á thuar d’Údarás na Gaeltachta agus é ‘gann’ beagnach €4.5 milliún
<a-href="https://tuairiscie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘gearradh-siar’-a-thuar-d’udaras-na-gaeltachta-agus-e-‘gann’-beagnach-e4.5-milliun

‘Gearradh siar’ á thuar d’Údarás na Gaeltachta agus é ‘gann’ beagnach €4.5 milliún

Léiríonn figiúirí nua an bhearna ollmhór idir an méad airgid a deir Údarás na Gaeltachta atá riachtanach dóibh do 2020 agus an t-airgead a cheadaigh an Rialtas dóibh sa Bhuiséad.

De réir na bhfigiúirí seo, a bhí mar chuid de chur i láthair réamhbhuiséid a rinne Údarás na Gaeltachta do pholaiteoirí, bhí an tÚdarás den tuairim go dteastódh €28 milliún uathu chun a gcuid oibre a dhéanamh an bhliain seo chugainn.

€23.65 milliún a ceadaíodh don eagraíocht fiontraíochta i mBuiséad 2020.

€16.5 milliún d’airgead caipitil a dúirt an tÚdarás a bhí riachtanach in 2020 agus €11.5 milliún a dúradh a bhí riachtanach mar bhuiséad reatha.

€10 milliún a fógraíodh mar bhuiséad caipitil don Údarás na Gaeltachta in 2020 agus €9.602 milliún an buiséad reatha a fógraíodh do riaradh na heagraíochta. Fógraíodh chomh maith €4.05 milliún mar chist reatha d’fhorbairt pobail agus cultúir, ag áireamh ardú €200,000 do na comharchumainn Ghaeltachta.

Dar le hurlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty go léiríonn figiúirí inmheánacha an Údaráis go mbeidh ar an eagraíocht ciorruithe a dhéanamh an bhliain seo chugainn.

“Tá sé soiléir ón méid a chuir Údarás na Gaeltachta os ár gcomhair go mbeidh bearna €2 mhilliúin acu ina bhuiséad reatha don bhliain seo chugainn. Ciallaíonn sin go mbeidh orthu gearradh siar a dhéanamh,” arsa Pearse Doherty.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin gur léir nach raibh an tÚdarás ag fáil “tacaíocht airgid nó tacaíocht pholaitiúil” ón Rialtas agus go mbeidh orthu “cinntí deacra” a dhéanamh an bhliain seo chugainn.

Pearse Doherty

Nuair a fiafraíodh d’Údarás na Gaeltachta féin faoin mbaol go mbeadh gá le ciorruithe an bhliain seo chugainn, dúirt urlabhraí dá gcuid nach raibh aon ráiteas le déanamh acu faoin scéal “ag an tráth seo”.

Dúirt Pearse Doherty chomh maith go gcaillfeadh an tÚdarás “deiseanna” poist a thabhairt isteach sa Ghaeltacht mar gheall nach bhfuair siad an t-airgead caipitil a bhí uathu.

“Bhí Údarás na Gaeltachta in ann déileáil le buiséad beag ar feadh cúpla bliain mar go raibh siad iontach cruthaitheach leis an mhéid a fuair siad ach níl siad in ann sin a dhéanamh níos mó.

“Chuir comhaltaí boird Údarás na Gaeltachta é sin in iúl dúinn agus do na páirtithe eile ag cruinniú sular fógraíodh an buiséad.  Chomh maith leis sin, tá mórchuid de chostais reatha an Údaráis ag dul chuig an fhoireann agus chuig an iar-fhoireann.

“An taobh eile den scéal ná go raibh thart ar €5 mhilliún d’airgead caipitil de dhíth ag an Údarás ón rialtas ionas go dtiocfadh leofa comhlachtaí a cheadú agus poist a thabhairt isteach. Ní bhfuair siad ach €1 milliúin.”

Dar le hurlabhraí airgeadais Shinn Féin nach bhfuil “ciall dá laghad” le cur chuige an Rialtais i leith an Údaráis agus na Gaeltachta.

“Tá ráta an-ard dífhostaíochta sa Ghaeltacht, cúig oiread níos airde i gceantair áirithe, agus nuair atá eagraíocht ann a mheallann comhlachtaí le poist a chruthú tá sé dochreidte nach bhfuil an rialtas ag cur an t-airgead caipitil ar fáil dóibh.”

Deir Doherty nach bhfuil an tÚdarás ag fáil cothrom na Féinne i gcomparáid le heagraíochtaí eile fiontraíochta.

“Is minic a luaitear an IDA agus Enterprise Ireland sna cainteanna rialtais maidir le fiontraíocht ach ní chuirtear an tÚdarás san áireamh cé gur eagraíocht fiontraíochta í Údarás na Gaeltachta.

“Deich mbliana ó shin, in 2010, bhí buiséad caipitil de €18 milliún ag Údarás na Gaeltachta. I mbliana níl ann ach €10 milliún. Le linn an ama sin tá ardú tagtha ar an méid a fhaigheann an IDA agus Enterprise Ireland.”

Mhaígh Doherty go mbíonn Údarás na Gaeltachta ag obair i gceantair ina bhfuil sé níos deacra poist a chruthú ann agus go bhfuil sé léirithe acu go bhfuil siad in ann poist “a chruthú agus a choinneáil”.

Dúirt urlabhraí Údarás na Gaeltachta go gcuirfear sonraí breise maidir leis an soláthar a bheidh ar fáil d’Údarás na Gaeltachta ar fáil sna Meastacháin Athbhreithnithe do 2020 a fhoilseofar roimh dheireadh na bliana.

“Mar a fógraíodh sa Cháináisnéis an tseachtain seo caite, gheobhaidh an tÚdarás leithdháileadh breise caipitil de €1m i 2020 chun a leithdháileadh ar bhun-chaipiteal a thabhairt suas go dtí €10m, méadú de bhreis agus 11% le hais 2019.

Chomh maith leis sin, cuirfear €200,000 breise in airgead reatha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le dáileadh ar na chomharchumainn Ghaeltachta. Sin ós cionn €1m nó méadú de 25%, in airgead breise atá curtha ar fáil don earnáil thábhachtach seo le trí bliana anuas.

“Anuas ar a ghnáthsholáthar caipitil, beidh teacht ag Údarás na Gaeltachta ar mhaoiniú breise sa chás go dtarlóidh Breatimeacht gan ord gan eagar,” a dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge