Beagnach 56,000 dalta a rinne scrúdú Gaeilge don Teastas Sóisearach i mbliana, i gcomparáid le beagnach 64,000 dalta i gcás na Matamaitice agus 63,618 i gcás an Bhéarla
Tháinig méadú beag i mbliana ar líon na ndaoine a rinne scrúdú Gaeilge don Teastas Sóisearach agus ar líon na ndaltaí a bhain na marcanna is airde amach ag an ardleibhéal.
Maidin inniu atá fáil ar thorthaí an Teastais Shóisearaigh 2019.
Ba é scrúduithe 2019 an uair dheireanach a ndéanfar seansiollabas na Gaeilge a thástáil agus dhá shiollabas nua as an bpíosa á scrúdú in 2020.
Ó seo amach siollabas T1, a bheidh dírithe ar chainteoirí líofa Gaeilge, agus siollabas T2, a bheidh dírithe ar fhoghlaimeoirí, a bheidh á scrúdú.
55,858 dalta a rinne scrúdú Gaeilge don Teastas Sóisearach i mbliana, i gcomparáid le 63,669 dalta i gcás na Matamaitice agus 63,618 i gcás an Bhéarla.
Ní dhearna 8,472 dalta den 64,330 a rinne an Teastas Sóisearach i mbliana aon scrúdú Gaeilge.
Is ionann sin agus 13% de dhaltaí nach ndearna scrúdú Gaeilge in 2019.
Baineann conspóid mhór i gcónaí le líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge, cé nach gá go raibh díolúine acu siúd ar fad nach ndearna scrúdú Gaeilge.
Níor tháinig aon mhaolú ar an gconspóid sin i bhfianaise an chórais nua díolúintí a thug an Roinn Oideachais isteach ag tús na scoilbhliana seo.
32,846 dalta a rinne an Ghaeilge ag an ardleibhéal i mbliana, ardú 4.3% ar an 31,472 a rinne amhlaidh in 2018. Tháinig ardú 2.8% ar líon na ndaltaí a rinne an Teastas Sóisearach féin in 2019.
Tá ardú 10% tagtha ar líon na ndaoine a dhéanann an scrúdú Gaeilge ardleibhéil ó 2016. Ardú 6.7% a tháinig ar líon na ndaltaí a dhéanann an Teastas Sóisearach le linn na tréimhse céanna.
Fuair 12% de na daltaí a rinne Gaeilge ag an ardleibhéal in 2019 grád A, ardú beag ón 11.6% ar éirigh leo an grád sin a bhaint amach anuraidh. 36.3% a fuair grád B i mbliana, méadú ar an 35.3% a rinne amhlaidh in 2018. Bhí titim bheag i gceist i gcéatadán na ndaoine a fuair grád C i mbliana, 35.1% le hais 37.3% in 2018.
Tháinig ardú beag i mbliana ar chéatadán na ndaoine a fuair grád D, 14.7%, i gcomparáid le 2018 nuair a fuair 14.2% an grád sin. 1.6% a fuair grád E i mbliana, méadú beag bídeach ar an 1.4% a fuair an grád sin anuraidh. 0.2% a fuair grád F i mbliana an céatadán céanna a fuair an grád sin in 2018 agus in 2017.
Gaeilge (Ardleibhéal) |
||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Bliain | Iomlán | A | B | C | D | E | F | NG |
2019 | 32846 | 12 | 36.3 | 35.1 | 14.7 | 1.6 | 0.2 | 0 |
2018 | 31472 | 11.6 | 35.3 | 37.3 | 14.2 | 1.4 | 0.2 | 0 |
2017 | 31092 | 11 | 32.9 | 37.9 | 16.3 | 1.7 | 0.2 | 0 |
Gaeilge (Gnáthleibhéal) |
||||||||
Bliain | Iomlán | A | B | C | D | E | F | NG |
2017 | 21738 | 3.1 | 23.7 | 39.3 | 26.6 | 6.1 | 1.1 | 0.1 |
2018 | 21822 | 3.3 | 28.7 | 40.2 | 22.7 | 4.4 | 0.6 | 0.1 |
2019 | 21880 | 2.2 | 27.6 | 43.7 | 22.1 | 3.6 | 0.7 | 0.2 |
Gaeilge (Bonnleibhéal) |
||||||||
Bliain | Iomlán | A | B | C | D | E | F | NG |
2019 | 1133 | 7.5 | 31.9 | 38 | 17.3 | 4.4 | 0.7 | 0.2 |
2018 | 1088 | 9.7 | 32.4 | 34.7 | 18.4 | 3.1 | 1.3 | 0.3 |
2017 | 1008 | 8.2 | 33.2 | 36.8 | 17.9 | 3 | 0.6 | 0.3 |