![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-mearbhall-ar-‘the-news-letter’-faoin-ngaidhlig-agus-an-ghaeilge](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2019%2F11%2F15035%2Fmearbhall-ar-the-news-letter-faoin-ngaidhlig-agus-an-ghaeilge.jpeg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=0ede123a)
Mearbhall ar ‘The News Letter’ faoin nGàidhlig agus an Ghaeilge
Foilsíodh litir ar an nuachtán The News Letter ón údar Robin Bury le deireanas inar léirigh sé a thuairimí faoi chás na bProtastúnach sa Saorstát agus an caidreamh a bhí acu leis an nGaeilge.
Scríobh Bury leabhar dar teideal Buried Lives: The Protestants of Southern Ireland, inar phléigh sé an t-ábhar céanna de bheagán, agus thug sé achoimre ar an méid sin sa litir ar The News Letter.
Mar a bheifí ag súil leis ó The News Letter, is tuairimí claonta in aghaidh na Gaeilge agus ráitis gan bhunús a bhí sa litir den chuid ba mhó. Tugtar rabhadh san alt do Phrotastúnaigh an Tuaiscirt faoi impleachtaí an Achta Gaeilge atá á éileamh don Tuaisceart.
Ní údar iontais é seo, ach bhain cainteoirí Gaeilge agus Gàidhlig ar na meáin shóisialta taitneamh as an íomhá a roghnaigh eagarthóirí The News Letter le cur eis an bpictiúr. Feictear clár dubh i seomra ranga sa bpictiúr, ach tá an focal ‘Gàidhlig’ seachas ‘Gaeilge’ agus an abairt “‘san à Béal Feirste atha mi”, i nglanGhàidhlig seachas i nglanGhaeilge, le feiceáil ar an gclár dubh.
lol seall a’ Ghàidhlig
— Fiona (@fion_argh) November 20, 2019
Ar ndóigh, is Protastúnaigh den chuid is mó iad na daoine a bhfuil an Ghàidhlig acu in Albain, agus bhí an teanga sin ag go leor de lucht na Plandála a tháinig go Cúige Uladh.