Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-dailcheantair-–-canney-fos-chun-cinn-i-ngaillimh-thoir

Na dáilcheantair – Canney fós chun cinn i nGaillimh Thoir

| Tuairisc.ie |

Líon na suíochán: 3

Cuóta mar % den vóta: 25%

Leagan amach an dáilcheantair: Tá a bailte Baile Átha an Rí, Gort, Baile Locha Riach, Port Omna agus Tuam sa dáilcheantar seom ach níl Béal Átha na Slauaighe ná An Dún Mór, atá i nGaillimh-Ros Comáin.

Teachtaí Dála ag seasamh: Seán Canney (Nspl), Ciárán Cannon (FG), Anne Rabbite (FF).

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus toghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán (2011) Toghchán Áitiúla (2019)
Fianna Fáil 27 33
Fine Gael 30 36
Lucht Oibre 10 0
Sinn Féin 6 3

Anailís: As an triúr Teachtaí Dála a toghadh in 2016 i nGaillimh Thoir tá beirt acu, Seán Canney (Nspl) agus Ciarán Cannon (FG), i mbaol a suíochán a chailleadh. Ba cheart go mbeadh Anne Rabbitte (FF), réasúnta cinnte go gcoinneoidh sí a suíochán. Is oibrí maith í sa dáilcheantar agus is minic a hainm i mbéal an phobail mar urlabhraí a páirtí.  Ní dhearna sé dochar ar bith di go raibh sí in ann tús a chur lena feachtas sula a raibh an Comhairleoir Donagh Killilea (FF) roghnaithe ar an dticéad ag ardoifig Fhianna Fáil. Mac Donagh Killilea le Mark Killilea, a bhí ina MEP, agus ina Theachta Dála roimhe sin ar feadh na mblianta.

Tá an Comhairleoir Peter Roche (FG) ag seasamh i mbliana chomh maith.  Níor roghnaíodh é in 2016 cé go bhfuair sé trí oiread vótaí ag an gcoinbhinsiún is a fuair Ciarán Cannon (FG). Is as Mainistir Chnoc Meá don Chomhairleoir Roche (FG). Sna toghchán áitiúla, toghadh Roche sa gcéad chomhaireamh agus aé r bharr liosta le 2,430 vóta, beagnach 900 vóta chun cinn ar an Donagh Killilea (FF), a bhí ag seasamh i gceantar Thuama chomh maith.

Agus gan ag Fianna Fáil ach 30% de na vótaí sna toghcháin áitiúla is beag seans go n-éireoidh leo dhá shuíochán, cé go bhféadfadh sé tarlú dá roinnfí na vótaí go cothrom idir. Is cinnte go mbainfidh Donagh Killilea (FF) roinnt mhaith vótaí ó Sheán Canney (NS) ach le seans a bheith aige ar shuíochán theastódh go mbeadh sé chun cinn ar Canney, an Teachta Dála neamhspleách a bhí ar bharr an chomhairimh in 2016 le 8,447 vóta.

Beidh suíochán amháin ag Fine Gael ach is deacair a rá cé aige a mbeidh an suíochán sin. D’fhéadfadh an tAire Stáit Ciarán Cannon (FG) a bheith i mbaol agus tacaíocht láidir ó Fhine Gael go háitiúil ag an gComhairleoir Peter Roche, fiú mura bhfuil an tacaíocht chéanna aige ón bpáirtí go náisiúnta.

Thóg Sinn Féin a gcuid ama Louis O’Hara (SF) a chur san iomaíocht.  Fuair O’Hara 507 vóta sna toghcháin áitiúla agus beidh sé ag déanamh go maith 2,000 vóta a fháil agus gan mórán aithne air. Tá Eoin Madden san iomaíocht don Chomhaontas Glas. Ní bhfuair Madden (CG) ach 321 vóta sna toghcháin áitiúla nuair a sheas sé mar iarrthóir neamhspleách. Déanfaidh sé go maith má fhaigheann sé 1,000 vóta.

Sa rása chomh maith tá Marian Spellman atá ag seasamh do Pháirtí an  Lucht Oibre. Ní bhfuair sí ach 206 vóta sna toghcháin áitiúla. Tá Martin Ward, duine den lucht siúil as Tuam a bhí tráth ina mhéara ar an mbaile, ag seasamh d’Aontú. Fuair sé 467 vóta sna toghcháin áitiúla. Tá iarrthóir chomh maith ag na Daonlathaigh Sóisialta, Peter Reid (SD).

Tuar: Canney (NS), Roche (FG), Rabbitte (FF)

Níos mó