Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

An faisisteachas agus an t-olltoghchán ó dheas

Kerron Ó Luain

Is é seo an chéad olltoghchán le fada an lá sna 26 Chontae ina mbeidh páirtithe polaitiúla atá go soiléir faisisteach ag dul os comhar an phobail ar bhonn chomh forleathan agus chomh heagraithe.

Áirím anseo An Páirtí Náisiúnta, Irish Freedom Party agus Anti-Corruption (ACI) Ireland.

Cé go bhfuil dlúthnasc idir na dreamanna seo, agus cairdeas le brath idir na ceannairí atá acu, tá tréithe áirithe agus cúlraí ar leith ag gach ceann díobh.

Is é Justin Barrett, fear as Cill Chainnigh, atá i gceannas ar an bPáirtí Náisiúnta, mar a ghlaonn siad orthu féin. Chaith Barrett cuid mhaith dá óige leis an dream Youth Defence – grúpa antoisceach de chuid na heite deise Caitlicí a bhíonn ag stocaireacht in aghaidh cearta ginmhillte. Lena chois sin, d’fhreastail sé ar ócáidí de chuid na nua-Naitsíoch san Iodáil in 2001.

An crann taca atá aige sa bPáirtí Náisiúnta ná James Reynolds, leas-uachtarán an pháirtí. Is feirmeoir as Contae Longfoirt é Reynolds agus é bainteach leis an eagraíocht Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann roimhe seo. Rinne sé iarracht é féin agus a gcuid comhghleacaithe a chur i lár agóid na bhfeirmeoirí lasmuigh de Theach Laighean i Mí na Samhna ach dhiúltaigh an formhór dó. Bhí Reynolds lárnach san agóid i gcoinne Ionad Soláthar Díreach i Rúscaigh, Contae Liatroma, anuraidh. Dódh an t-óstán a bhí beartaithe don ionad i ndeireadh na dála agus chinn an rialtas gan dul ar aghaidh leis an bplean.

Is é Hermann Kelly ceannaire an Irish Freedom Party – páirtí a dteastaíonn uathu stát na hÉireann a bhaint amach as an Aontas Eorpach chun go mbeadh sé “neamhspleách”. Ainneoin an ráitis seo, oibríonn Kelly le Nigel Farage san Eoraip, duine a bhí lárnach i mBrexit, dar ndóigh. Is ríléir nach mbeadh i “neamhspleáchas” Kelly ach Éire a bheas arís in áit na leathphingine i gcomhréiteach éigin leis an Ríocht Aontaithe.

Deir Kelly nach mbeidh san iomaíocht don olltoghchán seo. Tá ciall éigin aige is dócha ó bualadh go dona é sna toghcháin Eorpacha anuraidh nuair a sheas sé i mBaile Átha Cliath. Fágfaidh sé é faoina ghiollaí uallach na náire a iompar an uair seo nuair a bhuailfear go dona iad féin. Leithéidí John Bowler, imirceach Meiriceánach atá ag cur faoi i gCiarraí agus atá ag rith sa Dáilcheantar sin. É sásta leis an imirce is léir – chomh fada is gur imircigh gheala iad.

D’fhorbair ACI thart ar ghealt eile, Gemma O’Doherty. Tá líon suntasach leantóirí aici ar na meáin shóisialta, áit a ndéanann sí bolscaireacht ar a tuairimí comhcheilgeach áiféiseach. Brúnn sí leithéidí teoiric an “great replacement”. Is teoiric gan bunús í seo a deir go bhfuil seift ag na Náisiúin Aontaithe plean a chur i bhfeidhm chun “cinedhíothú” a dhéanamh ar an Eoraip faoi 2040 trí imirce as cuimse ón Aifric agus an Áis a stiúradh. Tá John Waters, iar-colúnaí leis an Irish Times, mar iarrthóir le ACI chomh maith. Is dócha go raibh drochthionchar ar an uair a bhriseadh as a phost sa Times ar John bocht soineanta.

Tháinig an Páirtí Náisiúnta, an Irish Freedom Party, ACI agus dreamanna eile nach iad le chéile anuraidh i mBaile Átha Cliath nuair a chuireadh an ruaig ar O’Doherty ón ardán YouTube de bharr a ciníochais. Bhí agóidí leanúnacha acu lasmuigh de cheanncheathrú Google san ardchathair.

Ina dhiaidh sin thángadar le chéile arís ag agóid roimh an Nollaig chun cur in éadan reachtaíochta a bhfuil á plé chun caint bagarthach agus ciníoch mídhleathach. An uair sin náiríodh iad lasmuigh de Theach Laighean nuair a tháinig na céadta frith-faisisteach agus dreamanna mionlaigh agus creidimh le chéile chun seasamh ina gcoinne.

Bheadh an scéal seo truamhéalach agus greannmhar i go leor bealaí mura raibh impleachtaí tromchúiseacha ag dlúthú agus dul i méid misnigh na bhfhaisisteach do mhionlaigh agus daoine leochaileacha. Tá ionsaithe á déanamh ar moscanna, tá daoine gorma is donna á gortú agus tá óstáin á cur trí thine. Méadaíonn nimh na heagraíochtaí seo, bíodh sé ar-líne nó sa bpobal, na hionsaithe céanna as cuimse.

Bíonn tráchtairí áirithe – liobrálaigh den chuid is mó – ag maíomh gur chóir neamhaird a thabhairt dá leithéid, óir is féidir “an bua a fháil orthu i ndíospóireachtaí”. De réir na loighce seo nuair a fheiceann an mórphobal cé chomh craiceáilte is atá ACI agus araile, déanfar dearmad orthu agus ní dhéanfaidh siad dul chun cinn ar bith ó thaobh na toghchánaíochta nó ó thaobh na cumhachta de.

Ach is botún é seo. Insíonn an stair dúinn nach féidir seasamh ar leataobh agus ligint dóibh fás nó teacht le chéile i mbealach eagraithe fiú. Is fíor nach bhfuil siad láidir go polaitiúil go fóill agus ní bhfaighidh siad ach céatadán an-bheag ar an 8ú Feabhra. Ach b’amhlaidh gach ollghluaiseacht faisisteach ag tús a mbeatha – sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Spáinn.

Nuair a athraíonn na cúinsí oibiachtúil – géarchéim eacnamaíochta, tuilleadh imirce, géilleadh na bunaíochta – is sciobthaí a bhfásann na faisistithe. Agus an tuiscint ann go bhfuileamar ag maireachtáil in am an-chontúirteach agus an córas caipitleach ag deireadh a ré agus ar tí titim isteach ar féin arís, ní fada uainn an tubaiste sin in athuair. Bímis aireach.

Níos mó