Bhí “imeallú” dhrámaíocht na Gaeilge i measc na n-ábhar imní a luadh ag cruinnithe an fhóraim a bunaíodh chun measúnú a dhéanamh ar obair na gceanneagraíochtaí Gaeilge.
De réir miontuairiscí cruinnithe de chuid an Fhóraim Forbartha Teanga a bhunaigh Foras na Gaeilge, mhaígh baill an fhóraim go raibh “géarghá” le plean straitéiseach do dhrámaíocht na Gaeilge.
De réir na miontuairiscí, atá faighte ag Tuairisc.ie, pléadh cás na drámaíochta ag roinnt cruinnithe den fhóram anuraidh.
Dúradh ag na cruinnithe gur “easpa tacaíochta agus struchtúir” ba chúis leis an imeallú a maíodh a bhí á dhéanamh ar dhrámaíocht na Gaeilge.
Ba ghá plean straitéiseach chun sin a leigheas agus chun stop a chur le “cúlú” earnáil drámaíochta na Gaeilge, a dúradh.
Dúirt feidhmeannach sinsearach de chuid an Fhorais go raibh na ceanneagraíochtaí neamhspleách, ach go raibh sé ag súil go ndíreodh Oireachtas na Gaeilge níos mó ar an drámaíocht.
Dúradh chomh maith go bhféadfaí ardán TG4 a úsáid chun comórtais a bhaineann leis an drámaíocht a chur chun cinn, mar a rinneadh leis an damhsa ar an sean-nós.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn go raibh cur chun cinn na drámaíochta ar cheann de spriocanna na heagraíochta.
Dúradh go raibh cúrsaí drámaíochta agus compántais drámaíochta á maoiniú ag an bhForas faoi scéimeanna éagsúla.
Moladh i dtuarascáil ó Thithe an Oireachtais anuraidh go mbunófaí eagraíocht nua nach mbeadh de dhualgas uirthi ach “na healaíona Gaeilge uile sa tír a reáchtáil”.
Dúradh chomh maith in ‘The Arts Matter’, gur ceist polasaí don Rialtas í cén fáth nach bhfuil eagraíochtaí náisiúnta, amhail Amharclann na Mainistreach, á ngríosú chun a thuilleadh saothar a dhéanamh trí Ghaeilge.
Moladh freisin sa tuarascáil ón gComhchoiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltachta go ndéanfadh an Chomhairle Ealaíon “maoiniú mar is ceart” ar na healaíona Gaeilge chun daoine “a mhealladh ar ais” chucu.