Tá leithscéal gafa ag an láithreoir aitheanta de chuid an BBC Stephen Nolan as an tslí ar iompar sé é féin agus ceist na Gaeilge á plé ar a chlár teilifíse.
Ghabh Nolan a leithscéal inné faoi mhír ar a chlár sé bliana ó shin ina raibh an Seanadóir de chuid Shinn Féin Niall Ó Donnghaile faoi agallamh aige.
I ndiaidh an agallaimh, chuir Ó Donnghaile, Gaeilgeoir líofa as Béal Feirste, i leith an láithreora gur léirigh sé “dímheas” ar phobal na teanga.
Chuir na mílte daoine a síniú le hachainí ar líne go ngabhfadh Nolan leithscéal poiblí faoin scéal.
San agallamh d’fhiafraigh Nolan arís agus arís eile de Niall Ó Donnghaile ar chúis ghrinn é ‘curry my yoghurt can coca cola’, an ráiteas conspóideach a rinne Gregory Campbell roinnt blianta ó shin agus é ag scigmhagadh faoin nGaeilge.
I mí na Samhna 2014 cuireadh cosc lae ar Greogory Campbell labhairt i gComhthionól Stormont nuair a rinne sé ‘scigaithris’ ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’.
“Curry my yoghurt can coca coalyer,” a dúirt Campbell mar mhagadh le linn díospóireacht sa chomhthionól.
Tharraing a ráiteas cuid mhór conspóide.
Deir lucht na hachainí gur chuir ráiteas ‘maslach’ an pholaiteora de chuid an DUP déistin orthu. Mhaígh siad chomh maith gur léirigh Stephen Nolan dímheas ar an teanga sa tslí ar tharraing sé ráiteas Campbell chuige féin agus an Seanadóir de chuid Shinn Féin faoi agallamh aige ar Nolan Live.
Mhaígh lucht na hachainí gur measa ag Nolan é sin a dhéanamh agus conspóid mhór ann ag an am faoi cheist an achta Ghaeilge agus cearta phobal na Gaeilge.
Ba dhuine a ghlaoigh isteach ar a chlár raidió Nolan ar BBC Uladh inné a d’fhiafraigh den láithreoir leithscéal a ghabháil i dtaobh na míre faoi cheist na Gaeilge in 2014.
Dúirt Nolan gur “fadó fadó” a craoladh an t-agallamh le Ó Donnghaile, ach ghéill sé nach raibh an tslí a d’iompar sé é féin ceart.
“Ní dóigh liom gur chuir mé an clár sin i láthair mar ba chóir dom. Gabhaim mo leithscéal as aon mhúisiam a chuir mé ar aon duine agus níl aon fhadhb agam an méid sin a rá,” arsa Stephen Nolan.
Ghlac an Seanadóir Ó Donnghaile le leithscéal Nolan inné.
I acknowledge this morning’s apology from @StephenNolan for his now infamous mocking of me & the Irish language on his TV show. Better had it come much sooner & directly to me. I hope lessons are learnt for both the presenter & @BBCnireland on how to deal with #Gaeilge in future. pic.twitter.com/1wlDTJdFcL
— Senator Niall Ó Donnghaile ⭕️ (@NiallSF) February 25, 2020