Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-husaideadh-cnag-logainmneacha-bearla-feasta-–-moladh-o-chonraitheoir-sinsearach

Ná húsáideadh CnaG logainmneacha Béarla feasta – moladh ó Chonraitheoir sinsearach

| Maitiu O Coimin |

Tá moladh déanta ag ball sinsearach de Chonradh na Gaeilge go n-éireodh an t-eagras teanga scun scan as logainmneacha Béarla a úsáid in ábhar poiblíochta na heagraíochta agus i gcomhfhreagras le heagraíochtaí eile. 

Beidh baill Chonradh na Gaeilge ag teacht le chéile inniu i nGaillimh d’Ard-Fheis na heagraíochta, mar a bpléifear 23 rún a bhaineann le treoir agus cur chuige na heagraíochta Gaeilge amárach. Ar na rúin atá ar chlár na bliana seo, tá ceann ó Stiúrthóir Forbartha an Chonartha, Aodhán Ó Deá, ina moltar deireadh a chur le húsáid na logainmneacha Béarla in ábhar an Chonartha. 

Éilítear sa rún ar Chonradh na Gaeilge “fíor-logainmneacha Gaeilge na gcontaetha agus bailte” a úsáid i ngach “comhfhreagras Béarla, preasráiteas, litir agus postáil ar na meáin shóisialta as seo amach”.

Deir Aodhán Ó Deá go bhfuil logainmneacha Gaelacha na hÉireann “álainn agus stairiúil” agus nár cheart don Chonradh na leaganacha Béarla a aithint níos mó. 

“Chonaic mé físeán faoi logainmneacha ar na meáin shóisialta i gcaitheamh na Nollag agus rith sé liom, nuair a smaoinítear air, gur gibris amach is amach atá i bhformhór na logainmneacha Béarla in Éirinn. Tá muid, mar phobal, ag rá go bhfuil muid Éireannach ach glacaimid go fóill leis na logainmneacha Béarla seo a brúdh orainn.

“Dá nglacfadh an Conradh ceannasaíocht ar an gceist, tá súil agam go spreagfadh sé grúpaí, eagraíochtaí agus daoine eile logainmneacha Béarla a fhágáil i leataobh,” a dúirt sé.

Dúirt Aodhán go dtuigeann sé go bhfuil a rún “beagáinín conspóideach” ach go bhfuil “go leor daoine” tar éis labhairt leis faoi agus go bhfuil dóchas aige go rithfear amárach é.

Má éiríonn go maith leis an rún agus an cur chuige nua seo ón gConradh, tá seans ann go mbeadh feachtas feasachta agus eolais faoi logainmneacha na hÉireann ag an gConradh sna blianta amach romhainn, a dúirt sé.

Tá stádas oifigiúil ag logainmneacha Béarla agus Gaeilge sa gcuid is mó den stát ó dheas faoi láthair, cé is moite de na ceantair Ghaeltachta, áit nach bhfuil aon stádas oifigiúil ag leaganacha Béarla ó bhí 2003 ann. Níl aon stádas oifigiúil ag logainmneacha Gaeilge sa stát ó thuaidh i láthair na huaire ach táthar ag súil le hathrú air sin nuair a thiocfaidh an reachtaíocht teanga atá geallta isteach.

Beidh an rún seo, agus rúin eile, á phlé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge in Óstán Chuan na Gaillimhe maidin amárach. Caithfidh baill chláraithe an Chonartha a vóta ar an gceist agus glacfar leis an rún ar pholasaí oifigiúil na heagraíochta sa chás go rithfear é. 

Níos mó