51 duine atá básaithe in Éirinn de thoradh Covid-19, 36 duine ó dheas agus 15 duine ó thuaidh.
Deimhníodh tráthnóna go raibh 14 duine eile básaithe ó dheas de bharr na paindéime. Ba in oithear na tíre a bhí gach duine de na daoine is déanaí a bhásaigh. 294 cás nua den choróinvíreas a deimhníodh ó dheas.
2,739 cás de Covid-19 atá deimhnithe anois in Éirinn, 2,415 cás ó dheas den teorainn agus 324 cás ó thuaidh di.
Tuairscíodh níos túisce inniu go raibh beirt eile leis an ngalar básaithe sa Tuaisceart. 49 cás nua de Covid-19 a tuairiscíodh ó thuaidh inniu.
Inniu an chéad lá de na srianta is déanaí atá tugtha isteach ó dheas chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair agus ordú ‘fan ag baile’ i bhfeidhm go ceann coícíse, seachas i gcásanna eisceachtúla.
De réir an áirimh is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, os cionn 620,000 cás den choróinvíreas atá anois deimhnithe ar fud an domhain agus nach mór 30,000 duine curtha den saol aige.
Os cionn 135,000 duine a bhí buailte ag an ngalar atá tagtha chucu féin ar fad. I Stáit Aontaithe Mheiriceá atá an líon is mó cásanna ar domhan mar a bhfuil breis is 105,000.
Tá os cionn leath acusan i Nua-Eabhrac agus tuairiscítear go bhfuil an tUachtarán Donald Trump ag smaoineamh ar choraintín a thabhairt isteach sa chathair sin.
Idir an dá linn, níl aon stad leis an uafás san Iodáil agus 889 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe ansin.
Os cionn 10,000 duine ar fad atá curtha den saol ag an ngalar san Iodáil, an líon is mó básanna in aon tír ar domhan, 92,472 cás den ghalar a deimhníodh sa tír sin.
832 duine le Covid-19 a bhásaigh sa Spáinn le lá anuas, an líon is mó daoine a fuair bás den ghalar in aon lá amháin sa tír sin. 5,690 duine ar fad atá básaithe de thoradh na paindéime sa Spáinn agus 72,248 cás atá deimhnithe ann. Táthar ag súil go bhfuil buaic an chuair nach mór bainte amach ag an Spáinn maidir le líon na gcásanna agus feabhas ar chúrsaí i gceantair áirithe cheana féin.
Bhásaigh os cionn míle duine a bhí buailte ag an ngalar sa Ríocht aontaithe go dtí seo. Dúirt Stiúrthóir Leighis an NHS i Sasana, an tOllamh Stephen Powi, go mbeadh déanta go maith ag an Ríocht Aontaithe dá gcoinneofaí líon na mbásanna faoi bhun 20,000.
I Wuhan, an chathair sa tSín inar thosaigh an víreas anuraidh, tá deireadh curtha le cuid de na srianta a bhí curtha I bhfeidhm ag na húdaráis agus mháigh na húdaráis sa Chóiré Theas go raibh líon na ndaoine ansin a bhí tagtha chucu féin ón gcoróinvíreas níos lú ná líon na ndaoine a bhí buailte aige den chéad uair.