Den chéad uair in Éirinn, tá duine tar éis bás a fháil de bharr an ghalair Covid-19.
Bhásaigh an t-othar in ospidéal in oirthear na tíre inniu agus tuairiscítear gur bhean a bhí amach san aois agus a raibh fadhbanna eile sláinte aici a bhí i gceist.
Tuairiscítear gur tháinig an bhean chun an ospidéil agus fadhbanna anála aici agus go raibh toradh dearfach ar an tastáil don ghalar a cuireadh uirthi ina dhiaidh sin.
Deimhníodh 10 gcás nua den ghalar Covid-19 in Éirinn inné agus 50 cás ar fad atá anois ann, 34 cás ó dheas agus 16 cás ó thuaidh den teorainn.
Ba é ardú an lae inné an t-ardú is mó in aon lá amháin ar chásanna den choróinvíreas in Éirinn ó deimhníodh an chéad chás ag deireadh na míosa seo caite.
Dheimhnigh Ospidéal na hOllscoile i bPort Láirge ar maidin go raibh an galar tolgtha ag othar ansin atá anois á choinneáil amach ó dhaoine eile.
Tá breis is 121,000 cás den ghalar deimhnithe ar fud an domhain agus nach mór 4,400 duine curtha den saol aige. Tá téarnamh déanta go dtí seo ag 66,216 duine a bhí buailte ag Covid-19.