D’iompaigh Diúc agus Bandiúc Cambridge Shasana ar an nGaeilge inniu chun a fhógairt go raibh siad leaindeáilte ar thalamh na hÉireann.
“Dia daoibh, daoine na hÉireann,” an bheannacht a chuir Diúc agus Bandiúc Cambridge, William agus Kate, ar a gcuntas Twitter.
Hello Ireland! 🇮🇪🇬🇧 Dia Daoibh, daoine na hÉireann!#RoyalVisitIreland pic.twitter.com/yUdKvFL6eN
— Kensington Palace (@KensingtonRoyal) March 3, 2020
Mairfidh cuairt na beirte ar Éirinn trí lá agus is í seo an chéad chuairt ag baill de rítheaghlach Shasana ar Éirinn ó tháinig an Breatimeacht i bhfeidhm.
Thug siad cuairt ar dtús ar Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin agus beidh siad ag freastal ar imeachtaí i mBaile Átha Cliath agus i gcontaetha na Mí, Chill Dara agus na Gaillimhe.
The Duke and Duchess of Cambridge receive a warm welcome to Ireland from President Michael D. Higgins and Mrs Higgins #RoyalVisitIreland pic.twitter.com/bFdFCPuiEp
— Kensington Palace (@KensingtonRoyal) March 3, 2020
Leagfaidh siad bláthfhleasc inniu ag an nGairdín Cuimhneacháin i gCearnóg Pharnell in ómós dóibh siúd ar fad a fuair bás ar son shaoirse na hÉireann.
Cóta glas smaragaide de chuid an dearthóra Catherine Walker agus gúna glas Alessendra Rich a bhí á gcaitheamh ag an mBandiúc ar leaindeáil di in Éirinn agus bhí carbhat glas ar an Diúc.