![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘is-cosaint-ar-an-nealtru-an-datheangachas’-–-staidear-nua](/wp-content/themes/yootheme/cache/6b/is-cosaint-ar-an-nealtru-an-datheangachas-staidear-nua-6ba364af.jpeg)
‘Is cosaint ar an néaltrú an dátheangachas’ – staidéar nua
Léiríodh i staidéar a rinneadh sa gCatalóin le deireanas gur cosaint ar an néaltrú i seandaoine é an dátheangachas.
Ghlac beagnach 100 duine páirt sna tástálacha a rinne eolaithe na Catalóine ar sheandaoine le tionchar an dátheangachais ar an intinn a iniúchadh. Ba dhaoine a raibh an Spáinnis agus an Chatalóinis ar a dtoil acu a bhí i ngrúpa amháin a ghlac páirt sa staidéar, agus ba chainteoirí aonteangacha Spáinnise a bhí sa dara grúpa.
Cuireadh daoine a raibh marach éadrom cognaíoch (MCI) orthu i gcomparáid lena chéile go bhfeice na taighdeoirí an raibh aon difríocht shuntasach eatarthu. Cuireadh an méadú ar an marach sin thar am i gcomparáid freisin.
Agus na tástálacha á ndéanamh, cuireadh fachtóirí eile ar nós cúlra, leibhéal oideachais, stádas socheacnamaíoch, áit chónaithe, agus eile san áireamh lena chinntiú nach raibh idir na rannpháirtithe éagsúla ach a gcumas teanga.
Úsáideadh meaisín MRI le hanailís a dhéanamh ar inchinn na rannpháirtithe agus tástálacha caighdeánacha don chumas inchinne á ndéanamh acu. Deir na taighdeoirí go bhfuil an chosúlacht ar na torthaí gur fearr an cumas inchinne atá ag dátheangaigh dul i ngleic leis an meathlú.
Iarradh ar 32 rannpháirtí a ghlac páirt sa staidéar teacht ar ais seacht mí i ndiaidh na gcéad tástálacha agus cuireadh na tástálacha céanna orthu arís. Frítheadh gur tháinig meath ar chumas gach uile dhuine acu in imeacht na seacht mí sin, ach gur lú i bhfad an meath a tháinig ar inchinn na ndaoine dátheangacha. Maíonn lucht na taighde gur léiriú é an méid sin go gcuireann an dátheangachas moill ar an meathlú cognaíoch.