Tá amhras mór faoi fhoilsiú an leagain chlóite de foclóir.ie agus líomhaintí déanta go bhfuil an dréacht den fhoclóir nua claonta ó thaobh inscne.
Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil ordú tugtha ag Foras na Gaeilge do lucht an fhoclóra tosú as an nua ar an togra agus profáil inscne a dhéanamh ar an saothar an babhta seo.
Tuigtear gur choiste speisialta ardleibhéil de chuid Fhoras na Gaeilge a rinne gearán faoin “neamart seo” i bhfoclóir an Mhianánaigh, mar a thugtar go coitianta air in ómós d’eagarthóir an tsaothair Pádraig Ó Mianáin.
I gcáipéis, a bhfuil cóip di faighte ag Tuairisc.ie, deir coiste an Fhorais go léirítear “claontacht chórasach in aghaidh na bhfear” sa saothar léannta ardghradaim atá á mhaoiniú ag an dá rialtas sa tír seo.
San aighneacht, atá le cur ag an gcoiste faoi bhráid cruinniú físchomhdhála de Bhord Fhoras na Gaeilge Dé hAoine, éilítear go ndéanfaí “athbhreithniú cuimsitheach” freisin ar an gcóimheas fear is ban ar fhoireann an fhoclóra.
Maítear sa cháipéis gur léir go raibh dearcadh frithfhireannach go smior sa lucht eagarthóireachta agus go gcaithfí a lorg sin a ghlanadh sula bhfoilseofaí an leabhar.
Thug an coiste go leor samplaí den ábhar a bhí, dar leo, “frithfhireann” nó “claonta in aghaidh na bhfear”.
Ar na samplaí a luaigh siad leis an gclaontacht sin, bhí:
- he loves hearing a bit of scandal and tittle-tattle, is breá leis beagán scannail agus cúlchainte a chluinstin
- he was raging bhí sé ar buile, bhí sé le ceangal, bhí sé ar an daoraí
- he started raging at us thosaigh sé ag cur thairis linn, spréach sé linn, thug sé aghaidh a chraois orainn he became furiously angry tháinig cuthach feirge air, chuaigh sé ar mire glan, d’éirigh confadh buile ann
- and like all fools, he’s impatient, agus ar nós gach amadán, is beag foighne atá aige
- he’s a racist, consciously or not, is ciníoch é, bíodh a fhios sin aige nó ná bíodh
- he’s an impossibly arrogant man, níl an dara duine ar domhan chomh sotalach leis, ní sotal go dtí é
- what a nasty little bully he is! níl ann ach maistín beag gránna!
- he spends his nights drinking and whoring, caitheann sé a chuid oícheanta ag ól agus ag plé le striapacha
- that Rob fella is nothing but an evil little gobshite, níl i mo dhuine Rob ach suarachán beag urchóideach.
Bhí an foclóir nua le seoladh a thúisce is a bheadh an ráig Covid-19 scuabtha chun siúil.
Agus an scoitheadh sóisialta i réim faoi láthair, beidh cruinniú físchomhdhála Dé hAoine seo chugainn ag Bord Fhoras na Gaeilge chun cúrsaí inscne Fhoclóir an Mhianánaigh agus ceisteanna eile a bhaineann leis a phlé.
De réir na cáipéise, tá roinnt cruinnithe éigeandála eile ann le tamall agus táthar ag iarraidh dhá chnámh spairne chonspóideach eile a réiteach – “dúchas is dlisteanacht an tséimhithe ar ainmfhocail iolra sa tuiseal ginideach, mar shampla ‘scoil bhuachaillí’” agus ceist íogair an ghinidigh cháilithe, nó ceist ‘hata fear mór’ mar a thugann na saineolaithe uirthi.
Táthar ag fanacht le tuarascáil na saineolaithe faoi na cásanna sin go fóill, ach ar nós go leor cúrsaí tábhachtacha eile i saol na hÉireann, tá an aicíd sláinte ag cur as go mór do léann na tíre.
Idir an dá linn, tá teacht ag an bpobal ar an bhfoclóir Béarla-Gaeilge ag www.focloir.ie.