AR SCÁTH A CHÉILE: Éistigí le Seán Ó Ríordáin ag léamh a dháin ‘Fiabhras’
Tá moltaí éagsúla maidir le dánta tráthúla á roinnt ag daoine ar líne le linn na géarchéime. Seo ceann a seoladh chuig Ar Scáth a Chéile
Fiabhras
le Seán Ó Ríordáin
Tá sléibhte na leapa mós ard,
Tá breoiteacht ’na brothall ’na lár,
Is fada an t-aistear urlár,
Is na mílte is na mílte i gcéin
Tá suí agus seasamh sa saol.
Atáimid i gceantar bráillín,
Ar éigean más cuimhin linn cathaoir,
Ach bhí tráth sar ba mhachaire sinn,
In aimsir choisíochta fadó,
Go mbímis chomh hard le fuinneog.
Tá pictiúr ar an bhfalla ag at,
Tá an fráma imithe ina lacht,
Ceal creidimh ní féidir é bhac,
Tá nithe ag druidim fém dhéin,
Is braithim ag titim an saol.
Tá ceantar ag taisteal ón spéir,
Tá comharsanacht suite ar mo mhéar,
Dob fhuirist dom breith ar shéipéal,
Tá ba ar an mbóthar ó thuaidh,
Is níl ba na síoraíochta chomh ciúin.
(As Scáthán Véarsaí, CIC 2009)