![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘cabhraionn-an-datheangachas-le-scileanna-soisialta-daoine-a-bhfuil-uathachas-orthu’-–-staidear-nua](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F04%2F21568%2Fcabhraionn-an-datheangachas-le-scileanna-soisialta-daoine-a-bhfuil-uathachas-orthu-staidear-nua.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=7173e7c8)
‘Cabhraíonn an dátheangachas le scileanna sóisialta daoine a bhfuil uathachas orthu’ – staidéar nua
D’fhéadfadh an dátheangachas cabhrú le duine a bhfuil uathachas air a chuid scileanna sóisialta a fhorbairt, dar le lucht taighde in Albain.
Measann na heolaithe a rinne taighde nua i nDún Éideann le deireanas go bhfuil an chosúlacht ar thorthaí a gcuid taighde gur fearr a thuigeann daoine dátheangacha a bhfuil uathachas orthu “iad féin agus daoine eile”.
Dúradh freisin, áfach, go bhfuil na torthaí “an-nua” go fóill, agus go bhfuil gá le tuilleadh taighde ar an ábhar.
Measadh le fada an lá go gcuirfeadh an dátheangachas isteach ar dhuine a bhfuil uathachas air mar gheall gur minic a bhíonn deacrachtaí cumarsáide ann cheana féin.
Rinneadh tástálacha ar na scileanna forbartha teanga, na scileanna próiseála eolais agus iompar ginearálta na ndaoine a ghlac páirt sa staidéar. Fuarthas nach bhfuil móran de dhifear idir scileanna agus iompar na ndaoine aonteangacha a bhfuil uathachas orthu agus daoine dátheangacha a bhfuil uathachas orthu. Maíonn lucht na taighde go léiríonn sé seo nach gcuireann an dátheangachas isteach ar dhaoine a bhfuil uathachas orthu.
Ba le linn tástálacha eile a fuarthas gur buntáiste a bhí sa dátheangachas ó thaobh scileanna sóisialta de. Páistí seachas daoine fásta a ghlac páirt sa staidéar seo i nDún Éideann.