Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-deimhniu-o-roinn-na-gaeltachta-go-bhfuil-cursai-na-gcolaisti-samhraidh-ar-ceal,-ach-tada-raite-fos-faoi-mhaoiniu-speisialta

Deimhniú ó Roinn na Gaeltachta go bhfuil cúrsaí na gcoláistí samhraidh ar ceal, ach tada ráite fós faoi mhaoiniú speisialta

| Tuairisc.ie | ,

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nach mbeidh cúrsaí na gcoláistí samhraidh Gaeltachta ar siúl an samhradh seo de bharr an choróinvíris, ach níl aon leid tugtha fós acu faoi mhaoiniú speisialta a chur ar fáil do na mná tí nó na coláistí féin.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh cinneadh déanta na cúrsaí a chur ar ceal agus d’fhógair an Roinn an scéal go hoifigiúil tráthnóna inné.

Dúradh i ráiteas na Roinne go dtuigeann siad gur “buille” an scéal seo don Ghaeltacht trí chéile. Dúirt siad gur “tréimhse neamhghnách, éiginnte agus dhúshlánach” í seo ach gurb í “sláinte an phobail an rud is tábhachtaí”.

“Tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis sláinte agus ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a chosaint, ag cur san áireamh na bearta éigeandála atá á nglacadh maidir le Covid-19, tá sé fógartha ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nach reáchtálfar aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19,” a dúradh.

Dheimhnigh an Roinn chomh maith nach gá do theaghlaigh Ghaeltachta atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge teastas nua innealtóra a chur ar fáil i mbliana.

Níl aon ní ráite ag an Roinn fós áfach, faoi cé acu an gcuirfear nó nach gcuirfear mhaoiniú speisialta ar fáil do na mná tí agus do dhaoine eile atá ag obair san earnáil a bheidh thíos leis an scéal seo. D’iarr Tuairisc.ie ar an Roinn ráiteas a dhéanamh faoin ngné sin den scéal ach níor tugadh aon fhreagra ar an iarratas sin go fóill.

Tá an Comhaontas Glas ar an dream is déanaí atá ag éileamh go gcuirfí ciste tacaíochta ar fáil toisc na cúrsaí a bheith curtha ar ceal.

I ráiteas a d’eisigh siad inniu, dúirt an Comhairleoir Peadar Ó Caomhánaigh, urlabhraí Gaeilge an Chomhaontais Ghlais, go ndéanfar pobal na Gaeltachta a imeallú a thuilleadh mura dtugtar tacaíocht éigeandála dóibh.

“Tá na Gaeltachtaí faoi chois cheana féin, agus braitheann said go mór ar an airgead seo gach bliain,” a dúirt Peadar Ó Caomhánaigh.

“Tá an t-airgead seo ag teastáil ó theaghlaigh Gaeltachta gus gan é tá an baol ann go mbeidh an Ghaeltacht scoite amach níos faide ná riamh.”

Deir an Comhaontas Glas go mbeidh “cúiteamh díreach” ag teastáil ó phobal na Gaeltachta.

“Tá níos lú maoinithe ag dul go Gaeltachtaí na tíre fiú ná na háiteanna tuaithe is mó atá imeallaithe. Gan ioncam bliantúil ó na cursaí samhradh, is na mná tí, a dteaghlaigh, na siopaí agus na gnóthaí áitiúla a bheas thíos leis. Is faoin Rialtas atá sé taispeáint go bhfuil na Gaeltachtaí, mar chroílár na Gaeilge, tábhachtach agus gur fiú iad a chosaint.”

Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, freastalaíonn suas le 27,000 scoláire ar choláistí samhraidh na Gaeltachta gach bliain agus íocann an Roinn fóirdheontas leis an 700 teaghlach Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí.

Meastar gur fiú earnáil na gcoláistí samhraidh suas le €50 milliún sa bhliain do gheilleagar na Gaeltachta.

Tá éileamh déanta cheana ag Conradh na Gaeilge agus Fianna Fáil ar thacaíocht speisialta do mhná tí agus do na coláistí samhraidh .

Níos mó