![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-iardhalta-gaelscoile-an-chead-eireannach-le-billiun-amharc-a-bhaint-amach-ar-youtube](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F04%2F21975%2Fiardhalta-gaelscoile-an-chead-eireannach-le-billiun-amharc-a-bhaint-amach-ar-youtube.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=26eda1cc)
Iardhalta Gaelscoile an chéad Éireannach le billiún amharc a bhaint amach ar YouTube
Fógraíodh ag an deireadh seachtaine go bhfuil os cionn amharc faighte ag an amhrán ‘Zombie’ le The Cranberries ar YouTube. Fágann sé seo gurb é an séú amhrán ón gcéad seo caite a bhain an cloch mhíle mhór amach agus an chéad amhrán Éireannach a rinne an t-éacht.
Ar ndóigh, ba í an t-iardhalta Gaelscoile, Dolores O’Riordan, príomhamhránaí an bhanna agus is í atá le feiceáil san fhíseán mór-ratha. D’fhreastail Dolores ar Choláiste Chnoc na Labhras i gcathair Luimnigh agus bhí teach aici i gCorca Dhuibhne.
In agallamh a rinne sí ar theilifís Cheanada in 1996, thug Dolores le fios go dtapaíodh sí an deis a cuid Gaeilge a úsáid agus í i measc mhuintir Chorca Dhuibhne.
Bhí ‘Zombie’ ag teacht i ngiorracht den bhilliún amharc le tamall anuas agus bhí feachtas ar siúl ag The Cranberries féin an sprioc a bhaint amach.
Is iad na hamhráin eile ón 20ú haois a bhain an billiún amharc amach ná ‘Bohemian Rhapsody’ le Queen, ‘Take On Me’ le A-ha, ‘Sweet Child O’ Mine’ le Guns N’ Roses, ‘Smells Like Teen Spirit’ le Nirvana, agus ‘November Rain’ le Guns N’ Roses. Fágann sé sin gurb í Dolores O’Riordan an chéad amhránaí mná a bhain an billiún amharc amach ar YouTube freisin.