D’fhógair ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald inniu go raibh toradh dearfach ar thástáil a cuireadh uirthi don choróinvíreas
Dúirt McDonald gurb amhlaidh go raibh sé ráite léi nach raibh sí aicídeach a thuilleadh agus go raibh súil aici filleadh ar an obair Dé Luain seo chugainn.
Ba mhór an faoiseamh di nach raibh an galar uirthi níos mó tar éis di a bheith tinn ar feadh roinnt seachtainí.
Dúradh i ráiteas ó Shinn Féin inniu gur ar an 28 Márta a cuireadh tástáil ar cheannaire an pháirtí don ghalar agus gur inné a fuair sí toradh na tástála sin.
Dúirt Mary Lou McDonald go raibh sí ag teacht chuici féin an deireadh seachtaine seo caite ach gur buaileadh buille eile uirthi nuair a fuair sí pliúraisí iar-víris ar an scamhóg dheas.
Ghabh sí buíochas leis na hoibrithe sláinte a thug aire di agus rinne sí comhbhrón leis na daoine a chaill duine muinteartha leo de thoradh na ráige. Ghabh sí buíochas chomh maith le gach duine a ghuigh rath uirthi.
D’impigh sí ar dhaoine fanacht slán, fanacht amach óna chéile agus fanacht ag baile.
“Ní víreas é seo atá aon duine ag iarraidh a fháil,” a dúirt ceannaire Shinn Féin.
Idir an dá linn, thug na Gardaí le fios gur gabhadh seachtar le linn an deireadh seachtaine as sárú a dhéanamh ar an reachtaíocht éigeandála a tugadh isteach chun dul i ngleic le scaipeadh an víris.
Tharla 144 eachtra eile inar gabhadh daoine as gan cloí leis na srianta ach gur baineadh úsáid as reachtaíocht sheanbhunaithe eile.