Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 37 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.
1,793 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,375 ó dheas den teorainn agus 418 ó thuaidh di.
De réir an eolais is déanaí, tá na hionaid chúraim fós buailte go dona ag an aicíd agus bhí baint ag beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.
Bhí baint éigin le hionad cúraim ag 857 den 1,375 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo, nó 62.3%. Bhain 740 acusan, nó 53.8% acu, le tithe altranais.
5,370 cás a deimhníodh sna hionaid chúraim go dtí seo, méadú 196 cás ón lá inné.
Fógraíodh bás 14 duine eile de dheasca Covid-19 sa Tuaisceart inniu.
Dheimhnigh an Fhoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) tráthnóna go rabhthas tagtha ar 265 cás eile den ghalar.
26,182 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 22,248 cás ó dheas agus 3,934 cás ó thuaidh.
Thug NPHET le fios chomh maith tráthnóna go raibh 78% den chéad 21,929 duine ar deimhníodh go raibh an galar orthu tagtha chucu féin faoin tráth seo. Is ionann sin agus 17,110 duine atá tagtha chucu féin ón víreas.
86 duine a bhí sna haonaid dianchúraim ó dheas a raibh Covid-19 orthu, an líon is lú othar in ICU ó tugadh isteach na srianta ag deireadh mhí an Mhárta.
De réir eolais a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra) amach tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 404.
393 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 24 Aibreán agus bhain 40% de na básanna sin le tithe altranais.
Idir an dá linn, tá fógartha ag an Roinn Sláinte ó dheas go bhfuil deireadh curtha leis an gcosc iomlán a cuireadh ar obráidí nár bhain leis an Covid-19 ag tús na ráige seo.
Tá cinneadh déanta ag NPHET gur féidir le hospidéil coinní a dhéanamh arís d’obráidí a bhfuil gá leo.
Is faoi gach ospidéal a shocrú cé mhéad obráid is féidir leo a dhéanamh. Chuir NPHET in iúl d’Feidhmeannacht na Seirbhíse nach raibh cosc ar obráidí feasta. Bhí imní á léiriú faoin líon mór daoine a cuireadh leis na liostaí feithimh ó bhuail an víreas seo an tír.
Tá athrú freisin ar na critéir maidir leis an tástáil don víreas agus beidh níos mó daoine i dteideal tástáil a fháil feasta. Cuireadh na dochtúirí teaghlaigh ar an eolas aréir go mbeidh tástáil ar fáil feasta do dhaoine nach bhfuil sna grúpaí ardriosca ach a bhfuil comhartha amháin ar a laghad den víreas orthu – casacht gan choinne, fiabhras nó giorra anála.