![](/wp-content/themes/yootheme/cache/30/three2_600_Screenshot_2020-05-20_at_15.48.31-30410afa.jpeg)
‘Idir Mise Agus Tusa’ – agallamh beirte Uladh
Agus páistí óga sáinnithe sa teach faoi láthair le linn na dianghlasála, caitheann muid súil siar ar 2015 nuair a chruthaigh Macha Media sraith iontach do Meon Eile; Idir Mise agus Tusa.
Sa tsraith bhríomhar drámaíochta seo, feicfidh muid meascán d’agallaimh beirte atá léirithe ag daoine óga as gach cearn de Chúige Uladh. Is é seo clár 1 sa tsraith.
Is iad na haisteoirí óga as Rann na Feirste, Rónán Mac Eamharcaigh agus Cathal Ó Cathasaigh, atá sa chéad agallamh inniu agus roghnaíodh iad as na scórtha páistí a ghlac páirt in éisteachtaí le bheith mar chuid den tsráith.
Ba é Ray Mac Manais, rí na n-agallamh beirte, a scríobh an chéad agallamh, scéal faoi rógaire atá i ndiaidh bás a fháil agus a bhuaileann le Naomh Peadar ag geataí na bhFlaitheas.
Tá ceisteanna móra le freagairt aige!