![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-o-loch-lao-go-loch-lurgan-—-dushlan-reatha-na-laochra](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F05%2F23224%2Fo-loch-lao-go-loch-lurgan-dushlan-reatha-na-laochra.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=cb9632a9)
Ó Loch Lao go Loch Lurgan — dúshlán reatha na Laochra
Beidh imreoirí Laochra Loch Lao ag tabhairt faoi dhúshlán reatha 350km, an fad atá idir Spórtlann na hÉireann i mBéal Feirste agus Spórtlann Naomh Anna i Leitir Mór. Ba i Leitir Mór a bhí Comórtas Peile na Gaeltachta ceaptha a bheith ar siúl ag tús na míosa seo chugainn ach cuireadh an comórtas ar ceal mar gheall ar an víreas corónach.
Bheartaigh foireann na mban gan an deireadh seachtaine a scaoileadh tharstu agus an deis a thapú airgead a thiomsú do charthanas i mBéal Feirste.
Beidh na himreoirí agus baill eile ag rith i gcaitheamh an deireadh seachtaine, 29 Bealtaine – 1 Meitheamh, ag súil acu an 350km a rith mar fhoireann. Beidh na baill éagsúla ag rith nó ag siúl méid áirithe ciliméadar ar feadh an deireadh seachtaine. Nuair a bheidh an t-aicsean déanta, beidh an t-achar idir an dá spórtlann clúdaithe acu agus gan ladhar ligthe thar theorainn na cathrach acu.
Tá leathanach GoFundMe cruthaithe ag an bhfoireann don ócáid agus rachaidh an t-airgead a bhaileofar ann chuig an Whiterock Children’s Centre, eagraíocht a chabhraíonn le teaghlaigh agus le páistí sa cheantar.