Sraith nua faoi cheird na scríbhneoireachta á craoladh ar líne ag Cló Iar-Chonnacht
Tá sraith nua físeán á craoladh ar líne ag Cló Iar-Chonnacht, i gcomhar le meitheal scríbhneoirí.
‘Rang Beag Scríbhneoireachta’ is teideal don tsraith, ar cuireadh tús léi an tseachtain seo.
Físeáin ghairide cúig nóiméad ar fhad atá sa tsraith cúig eagrán ina gcuireann scríbhneoirí síos ar ghné ar leith de cheird na scríbhneoireachta.
Sa chéad eagrán, cuireann Áine Durkin, údar agus file, síos ar na modhanna a úsáideann sí chun smaointe a fhorbairt ag tús an phróisis scríbhneoireachta.
Beidh físeán úr á chraoladh gach seachtain go ceann míosa ar YouTube, a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla de cheird na scríbhneoireachta.
‘Forbairt carachtair’, ‘aiseolas i bpróiseas na scríbhneoireachta’, ‘comhrá agus dialóg i bhficsean’ agus ‘an tábhacht atá le disciplín agus cleachtas oibre don scríbhneoir’ na téamaí a bheas faoi chaibidil.
Is iad na húdair Áine Ní Ghlinn, a ceapadh ina Laureate na nÓg le gairid, Alex Hijmans, atá ina cholúnaí le Tuairisc.ie, Anna Heussaff agus Réaltán Ní Leannáin a bheas i mbun na n-eagrán eile.
Tá súil ag Cló Iar-Chonnacht go mbeidh daoine a bhfuil suim acu sa scríbhneoireacht in ann an chomhairle agus na leideanna sna físeáin a thabhairt leo ina gcleachtas scríbhneoireachta féin.